Pat Gilroy

imreoir peil Ghaelach agus bainisteoir

Is iar-pheileadóir Gaelach agus iarbhainisteoir Chontae Bhaile Átha Cliath é Pat Gilroy (rugadh 16 Lúnasa, Baile Átha Cliath). Bhí iarbhainisteoir Mickey Whelan, Paul Nugent agus Paddy O'Donoghue ag obair leis mar roghnaitheoirí i 2011. Bhuaigh sé Craobh na hÉireann mar bhainisteoir le Baile Átha Cliath in éadan Chiarraí i 2011 ag Páirc an Chrócaigh.

Infotaula de personaPat Gilroy
Beathaisnéis
Breith3 Samhain 1971
52 bliana d'aois
Marino, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Gaelaí, cóitseálaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtpeil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Peile Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata

Bhuaigh Pat craobh na hÉireann le Baile Átha Cliath i 1995 mar fhear ionaid. Bhain sé Craobh na hÉireann na gClubanna i 2008, Craobh Laighean na gClubanna agus Craobh Bhaile Átha Cliath i 2007 le St Vincents CLG.

D'imir a dhaid, Jackie Gilroy, le Baile Átha Cliath chomh maith. Bhuaigh sé craobh Laighean le Baile Átha Cliath i 1992, 1993, 1994 agus arís i 1995.