Patricia Scotland
Is taidhleoir, abhcóide and polaiteoir Briotanach í An Banbharún Scotland of Asthal PC AB, nó Patricia Scotland (a rugadh ar 19 Lúnasa 1955).
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Patricia Scotland, Baroness Scotland of Asthal |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 19 Lúnasa 1955 69 bliana d'aois Doiminice |
6 Commonwealth Secretary-General (en) | |
1 Aibreán 2016 – ← Kamalesh Sharma | |
Senior advisor (en) | |
18 Márta 2015 – 21 Nollaig 2016 | |
Shadow Attorney General for England and Wales (en) | |
11 Bealtaine 2010 – 7 Deireadh Fómhair 2011 ← Edward Garnier – Emily Thornberry → | |
Abhcóide Ginearálta Thuaisceart Éireann | |
12 Aibreán 2010 – 11 Bealtaine 2010 ← luach ar iarraidh – Dominic Grieve → | |
Ard-Aighne Thuaisceart Éireann | |
28 Meitheamh 2007 – 12 Aibreán 2010 ← Peter Goldsmith, Baron Goldsmith (en) – John Larkin (en) → | |
Ard-Aighne Shasana agus na Breataine Bige | |
28 Meitheamh 2007 – 11 Bealtaine 2010 ← Peter Goldsmith, Baron Goldsmith (en) – Dominic Grieve → | |
Ball de Theach na dTiarnaí | |
30 Deireadh Fómhair 1997 – | |
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Anglia Ruskin Walthamstow School for Girls (en) Ollscoil Londan Lord Ashcroft International Business School (en) |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Londain |
Gairm | polaiteoir, taidhleoir, abhcóide |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí an Lucht Oibre |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Richard Mawhinney (1985–) |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | parliament.uk… |
Toghadh í mar Ard-Rúnaí Chomhlathas na Náisiún í ó 2016 go dtí 2024, agus tharraing sí conspóid go leor sa phost sin.
Gairm
cuir in eagarRugadh Scotland i nDoiminice; d'aistrigh a teaghlach chun na Ríochta Aontaithe agus í dhá bhliain d'aois. Fuair sí LLB eachtrach ó Ollscoil Londan mar mhac léinn de chuid Cheardcholáiste Essex Láir (Ollscoil Anglia Ruskin faoi láthair) i Chelmsford.[1]
Glaodh chun Bharra Shasana agus na Breataine Bige uirthi sa bhliain 1977 (agus chun Bharra Dhoiminice sa bhliain 1978.)
Is í an chéad bean ghorm a ndearnadh Abhcóide na Banríona de, sa bhliain 1991. Sa bhliain 1997 a toghadh ina Binseoir de chuid An Teampaill Láir í agus a tugadh tiarnas saoil di.
Ó 1999 go 2007, bhí sraith post mar aire sóisearach aici, in Oifig Gnóthaí Eachtracha agus Comhlathais na Breataine, i Roinn an Ard-Seansailéara agus san Oifig Gnóthaí Baile. Ghlac sí mar chúram, den chuid is mó, cúrsaí dlí a raibh baint acu le gach roinn, ar nós na reachtaíochta a chuir ar chumas na Ríochta Aontaithe dul isteach sa Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, an Land Registration Act 1992 agus sraith athchóirithe ar an gcóras ceartais choiriúil.[1]
Ó 2007 go 2010 bhí sí ina hArd-Aighne ar Shasana agus An Bhreatain Bheag. Mar sin, bhí sí ina Ard-Aighne ar Thuaisceart Éireann freisin. Tar éis cumhachtaí póilíneachta agus ceartais a chineachadh, ina hAbhcóide Ginearálta ar Thuaisceart Éireann, an chéad sealbhóir den phost sin.
Bhí sí ina Scáth-Ard-Aighne go dtí mí Dheireadh Fómhair 2011. Tá sí ina Bardasach Chathair Londain ó 2014 (ina hionadaí do bharda Bishopsgate).
Comhlathas na Náisiún
cuir in eagarSa bhliain 2016 toghadh mar an séú Ard-Rúnaí ar Chomhlathas na Náisiún í (an chéad bhean san oifig sin).
Cuireadh fad lena téarma oifige mar gheall ar an bpaindéim reatha.[1]
Tharraing sí conspóid go leor sa phost sin agus cáineadh a ceannasaíocht ar an gComhlathas go minic (cairdeas fabhair, liúntais agus costais taistil srl).[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 Scoil Dlí, COBÁC (2020). "An Banbharún Scotland of Asthal RC AB". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ "Scotland defeats Johnson Smith in Commonwealth secretary general race" (en). jamaica-gleaner.com (2022-06-24). Dáta rochtana: 2022-08-18.