Is scríbhneoir Meiriceánach den fhantasaíocht eipiciúil é Patrick James Rothfuss (a rugadh 6 Meitheamh 1973). Tá cáil air as a shraith trí imleabhar The Kingkiller Chronicle (Croinic an Rímharfóra).[1] Glacann sé páirt Viari sna cluichí D&D beo ag comhdháil PAX (Penny Arcade EXPO).[2]

Infotaula de personaPatrick Rothfuss

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Meitheamh 1973
50 bliana d'aois
Madison, Wisconsin Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síUniversity of Wisconsin–Stevens Point (en) Aistrigh - Béarla (–1999)
Washington State University (en) Aistrigh - Máistir Ealaíon Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Wisconsin Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmúrscéalaí, múinteoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2007 –
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinpatrickrothfuss.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm5899467 Facebook: Patrick.Rothfuss Twitter: PatrickRothfuss Musicbrainz: a83346a0-9a86-45b1-a8cd-024af78cfa3b Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Rugadh Patrick Rothfuss i Madison, Wisconsin. Fuair sé a B.S. i mBéarla ó Ollscoil Wisconsin – Stevens Point i 1999 tar éis naoi mbliana a chaitheamh ag taiscéaladh ábhar éagsúil: innealtóireacht cheimiceach, an síceolaíocht chliniciúil agus ábhair eile. Scríobh sé don nuachtáin campais The Pointer.[3] Thosaigh sé a thríológ i 1993 agus ba dhalta é.[4] An tráth sin, ghlacadh sé le trí phoist pháirtaimseartha. Chríochnaigh sé an tríológ sular chríochnaigh sé a chéim agus thosaigh sé á cur in eagar.

Fuair sé MA ag Ollscoil Washington State agus d’fhill sé ar Stevens Point mar mhúinteoir.[5] Bhuaigh sé comórtas Writers of the Future 2002 le “The Road to Levinshir” (Bóthar go Levinshir), sliocht as a úrscéal neamhfhoilsithe The Wise Man’s Fear. Bhuail sé a ghníomhaire, Matt Bialer, tar éis an ceardlann sin.[6] Ina dhiaidh sin dhíol Rothfuss a húrscéalta go DAW Books.

I 2012 chuir Rothfuss podchraoladh míosúil fantasaíocht, The Story Board, i láthair.[7]

Eagraíonn Rothfuss an charthanacht Wordbuilders agus ó 2008 bhailigh í níos mó ná $7.4 milliún, go háirithe don Heifer International, carthanacht a cuir stoc, uisce inólta, oideachas agus oiliúint ar fail do phobail sa domhan forbraíochta.[8]

Tá beirt mhic ag Rothfuss agus a chailín Sarah: “Oot” agus “Cutie Snoo”.

Scríbhneoireacht cuir in eagar

Foilsíodh The Name of the Wind i 2007. Bhuaigh an leabhar Quill Award (do Ficsean Eolaíochta, Fantasaíocht agus Uafás) i 2007 agus Alex Award i 2008 agus bhí sé ar an liosta “Books of the Year” le Publishers Weekly.[9]

I 2011 foilsíodh The Wise Man’s Fear. Shroich an leabhar an barr den New York Times Hardback Fiction Bestseller List.[10]

D’fhoilsigh Rothfuss an nóibhille The Slow Regard of Silent Things i 2014, scéal faoi Auri, carachtar as domhan an Rímharfóir. Sa scéal sin nocht Rothfuss an ainm den domhan sin, Temerant.

Saothair cuir in eagar

  • The Kingkiller Chronicle (Croinic an Rímharfóra).
  • The Name of the Wind (Ainm na Gaoithe), Aibreán 2007
  • The Wise Man’s Fear (Faitíos an tSaoi), Márta 2011
  • The Doors of Stone (Doirse na Cloiche), a bheith ar fáil.

Eile

  • The Slow Regard of Silent Things (Aithniú Foighneach Rudaí Ciúine), Deireadh Fómhair 2014.
  • The Lightening Tree (Crann Tintrí) – gearrscéal suite i domhan an Rímharfóir le páirt ag Bast (Meitheamh 2014) i Rogues (Rógairí) curtha in eagar ag George R.R. Martin agus Gardner Dozois.
  • The Adventures of the Princess and Mr Whiffle, part one: The Thing Beneath the Bed (Eachtraí an Bhanphrionsa agus an Whiffleach, cuid a haon: An Rud Faoin Leaba).
  • The Adventures of the Princess and Mr Whiffle, part two: The Darkness of Deep Below (Eachtraí an Bhanphrionsa agus an Whiffleach, cuid a dó: An Dorchadas i nDoimhneacht Thíos)
  • Your College Survival Guide, 2005.

Tagairtí cuir in eagar