Is sraith cluichí rólimeartha (RPG) déanta ag Atlus é Persona (Seapáinis: ペルソナ, Perusona). Is mac-shraith Megami Tensei é Persona, agus uaireanta cuirtear Shin Megami Tensei: Persona air leis.

Persona

Cineálsraith físchluichí Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos ar an gcruinne ficseanúilPersona universe (en) Aistrigh

Achoimre cuir in eagar

Is sraith RPG í, ina bhfuil “cumas persona” ag na príomhcharachtair chun deamhain, scáthanna agus persona eile a chloí. Tá na cluichí suite i mbailte nua-aimseartha na Seapáine agus is daltaí ardscoile iad na príomhcharachtair. Caitheann an phríomhphearsa (an t-imreoir) am le daoine, agus cruthaíonn sé caidreamh le daoine áirithe (ceangail shóisialta). Is féidir leis an bpríomhphearsa rudaí a cheannach sna siopaí áitiúla, armúr, airm agus earraí catha den chuid is mó. Nó is féidir am a chaitheamh sa teach agus sa chathair chun staitisticí pearsanta a ardú. Pléann an tsraith an asarlaíocht agus an tsíceolaíocht ar nós finscéalta uirbeacha, an bheatha agus an bás, na meáin agus sochaí, nach ndéileálann sé le téamaí coitianta do dhaoine óga leis, mar shampla cairdeas agus grá.

An-difriúil le Shin Megami Tensei, ní deamhain iad baill pháirtí an imreora, ach cairde a úsáideann persona chun ionsaithe draíochta agus ionsaithe fisiceacha a dhéanamh.

Rugadh an tsraith mar cluichí RPG, ach anois tá ábhair mar manga, úrscéalta, anime, agus scannáin aige. Tá cluichí damhsa, aicsin agus troda foilsithe fé bhranda Persona chomh maith.

Teidil cuir in eagar

Cluichí cuir in eagar

Príomhshraith cuir in eagar

  • Revelations: Persona (PS, Win95 / 98) Meán Fómhair 1996.
    • Persona (PSP) Aibreán 2009.
  • Persona 2: Innocent Sin (PS) Meitheamh 1999.
    • Persona 2: Innocent Sin (PSP) Aibreán 2011.
  • Persona 2: Eternal Punishment (PS) Meitheamh 2000.
    • Persona 2: Eternal Punishment (PSP) Bealtaine 2012.
  • Shin Megami Tensei: Persona 3 (PS2) Iúil 2006.
    • Persona 3 FES (PS2) Aibreán 2007.
    • Persona 3 Portable (PSP) Samhain 2009.
  • Shin Megami Tensei: Persona 4 (PS2) Iúil 2008.
    • Persona 4 Golden (PS Vita) Meitheamh 2012.
    • Persona 4 Golden (Win) Meitheamh 2020.
  • Persona 5 (PS3, PS4) Meán Fómhair 2016.
    • Persona 5 Royal (PS4) Deireadh Fómhair 2019.

Cluichí eile cuir in eagar

  • Persona 4: Arena (PS3, Xbox360) Iúil 2012.
  • Persona Q: Shadow of the Labyrinth (3DS) Meitheamh 2014.
  • Persona 4 Arena Ultimax (PS3) Lúnasa 2014.
  • Persona 4: Dancing All Night (PS Vita) Meitheamh 2015.
  • Persona 3: Dancing Moon Night (PS4, PS Vita) Bealtaine 2018.
  • Persona 5: Dancing Star Night (PS4, PS Vita) Bealtaine 2018.
  • Persona Q2: New Cinema Labyrinth (3DS) Samhain 2018.
  • Persona 5 Scramble the Phantom Strikers (PS4, Switch) Feabhra 2020.

Anime cuir in eagar

  • Persona -Trinity Soul- (2008, teilifís)
  • Persona 4: The Animation (2011, teilifís)
  • Persona 4: The Golden Animation (2014, teilifís)
  • Persona 5 The Animation: The Day Breakers (2016, teilifís)
  • Persona 5: The Animation (2018, teilifís)
  • Persona 3: The Movie (Scannáin)
    • Persona 3 The Movie: #1 Spring of Birth (2013)
    • Persona 3 The Movie: #2 Midsummer Knight's Dream (2014)
    • Persona 3 The Movie: #3 Falling Down (2015)
    • Persona 3 The Movie: #4 Winter of Rebirth (2016)

Tagairtí cuir in eagar