Peter Fox

ceoltóir Gearmánach

Is ceoltóir Gearmánach é Pierre Baigorry, nó Peter Fox, mar is fearr aithne air. Rugadh é i mBeirlín ar an 3 Meán Fómhair 1971. Tá sé gníomhach mar cheann de na trí phríomhamhránaí an bhanna reggae dátheangach Seeed ó bunaíodh é sa bhliain 1998, agus tá rath nach beag bainte amach aige mar cheoltóir aonair freisin.[1]

Infotaula de personaPeter Fox

(2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(de) Pierre Steffen Baigorry
3 Meán Fómhair 1971
52 bliana d'aois
Beirlín, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleitePeter Fox Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síFranzösisches Gymnasium Berlin Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghearmáinis
Airde184 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmceoltóir, léiritheoir ceirníní, cumadóir amhrán, rapálaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1998 –
Ball de
SeánraReigé, ceol hip hap agus halla rince
TeangachaAn Ghearmáinis
UirlisPianó, giotár agus ceol gutha
Lipéad ceoilWarner Music Group Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinpeterfox.de Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm3138567 Last fm: Peter+Fox Musicbrainz: 10c07fca-2678-40b6-9644-cde68d3e9554 Songkick: 36048 Discogs: 712769 Allmusic: mn0001279082 Deezer: 80487 Cuir in eagar ar Wikidata

Beathaisnéis cuir in eagar

Rugadh Peter Fox do lánúin Bhascach i mBeirlín sa bhliain 1971, agus is ann, sa cheantar Kreuzberg, a chónaíonn sé fós.[2] Thosaigh sé ag seinm ceoil ina pháiste beag dó, ar an fhliúit Shasanach agus ar an phianó i dtosach báire, agus ansin ar an chorn, rud a bhain áit amach dó i mbanna práis i Schönow.[1]

D'fhreastail sé ar Mheánscoil Fhrancach Bheirlín (Französisches Gymnasium Berlin), áit inar tugadh an leasainm "Foxi" air, mar gheall ar dhath a chuid gruaige. Is ón leasainm sin, maraon le leagan Gearmánach a thúsainm, Peter, a thagann a ainm stáitse. Ar fhágáil an mheánscoil dó, bhí sé ar intinn aige bheith ina dhéantóir pianó, ach níor chuir sé an phrintíseacht i gcrích sa deireadh.

Rinne Peter Fox céim sa cheol ina dhiaidh sin, agus ansin chinn sé ar mhalairt saoil ar fad le céim in Fhocleolaíocht an Bhéarla agus san oideachas do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu.[3]

Dioscliosta cuir in eagar

Albaim cuir in eagar

Bliain Teideal Seasamh sna Cairteacha[4] Nótaí
DE AT CH
2008 Stadtaffe 1
(106 Seachtain)
1
(97 Seachtain)
4
(64 Seachtain)
Dáta foilsithe: 26. September 2008
Méid díolta DE: + 1.100.000 (11x Ór) [5]
Méid díolta AT: + 40.000 (2x Platnam) [6]
Méid díolta CH: + 10.000 (Gold) [7]
2009 Peter Fox & Cold Steel - Live aus Berlin 2
(35 Seachtain)
1

(21 Seachtain)

48
(7 Seachtain)
Dáta foilsithe: 27. November 2009
Méid díolta DE: 200.000 (4x Platnam) [5]

Singlí cuir in eagar

Bliain Teideal Seasamh na Cairteacha[8] Nótaí
DE AT CH
2007 Come Marry Me
Chefa
90
(Seachtain amháin)
Dáta foilsithe: 24. August 2007
Miss Platnum feat. Pete Fox
2008 Alles neu
Stadtaffe
4
(51 Seachtain)
11
(38 Seachtain)
49
(9 Seachtain)
Dáta foilsithe: 15. August 2008
Méid Díolta DE: + 150.000 (Gold) [5]
Méid díolta AT: + 15.000 (Gold)
2008 Haus am See
Stadtaffe
8
(70 Seachtain)
6
(82 Seachtain)
16
(43 Seachtain)
Dáta foilsithe: 17. Oktober 2008
Méid díolta DE: + 150.000 (Gold) [5]
Méid díolta AT: + 15.000 (Gold)
2009 Schwarz zu Blau
Stadtaffe
3
(26 Seachtain)
17
(14 Seachtain)
36
(5 Seachtain)
Dáta foilsithe: 6. Februar 2009
2011 Sekundenschlaf (feat. Marteria) 58
(Seachtain)
Dáta foilsithe: 18. März 2011

Tagairtí cuir in eagar