Manach agus file Angla-Normannach a mhair ag tús na 12ú haoise ab ea Philippe de Thaonde Thaun.

Infotaula de personaPhilippe de Thaon
Beathaisnéis
Breith1100 (Féilire Ghréagóra)
Básluach anaithnid
923/924 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre(Floruit: 12 haois)
TeangachaAn Fhraincis

Is insan Normainn, i réimeas Anraí I Shasana, a chaith Philippe de Thaon a shaol. Thart ar an mbliain 1119, do chum sé ComputLivre des Créatures (Gaeilge: 'Leabhar na gCréatúr'), dán teagascach fésna reanna neimhe agus fé conas an féilire a ríomh. Do chum sé Lapidaire, saothar fésna clocha, leis. Is é an saothar is cáiliúla dá chuid, áfach, ná a Bhestiaire (Gaeilge: 'Míolsheanchas'), leabhar fésna hainmhithe. Do thiomnaigh sé an leabhar san don ndara bean a bhí ag Anraí I Shasana, Aelis Lobháin, agus dá bharr san is féidir linn a rá gur scríobh sé é idir an bhliain 1121 (.i. an bhliain inár pósadh Anraí agus Aelis) agus an bhliain 1135 (.i. an bhliain ina bhfuair Anraí I bás).

Le cois na leabhar luaite seo thuas, deirtear gur scríobh Philippe de Thaon leagan próis de Livre de Sibile (Gaeilge: 'Leabhar Shibile').