Plé:Áth Fhád

Latest comment: 1 bhliain ó shin by TGcoa in topic An féidir linn ...

ainm neamhdheimhnithe cuir in eagar

Deir Logainm.ie go bhfuil an logainm 'Áth Fhád' neamhdheimhnithe...cheapfadh duine go mbeadh 'Áth Fada' níos oiriúnaí ós rud é go gceaptar gur 'long ford' is brí leis! Ériugena (plé) 14:06, 2 Samhain 2022 (UTC)Reply

Féach ar na taifid scanta ar logainm — cuma níos casta ar an scéal, a bhaineann leis an ainm dílse "Fadhat" de réir cosúlachta. kscanne (plé) 14:55, 2 Samhain 2022 (UTC)Reply
D’fhéach mé ar na taifid, ach mar is iondúil tá siad scríofa ar mhodh inléite den chuid is mó, agus níl aon mhíniú ar an bhfáth gur shocraigh siad ar an leagan 'Áth Fhád'! Tá an t-ainmfhocal 'Áth' firinscneach...de réir sin nach ceart an aidiacht 'fada' a scríobh mar fada? Ní fhaca mé 'fhád' nó 'fád' nó 'Fadhat' i bhfoclóir ar bith! Mholainn Áth Fada mar sin, leagan is dóichí a dheimhneofar tráth éigin níos déanaí! Ériugena (plé) 15:47, 2 Samhain 2022 (UTC)Reply
Tá míniú ann. Deir na taifid gur ainm dílis é "Fadhat", agus is léir gur leagan caighdeánaithe de seo é "Fád" (agus spéisiúil domsa go míneodh sé sin an síneadh fada nach dtaitníonn leat freisin). kscanne (plé) 16:53, 2 Samhain 2022 (UTC)Reply

An féidir linn ... cuir in eagar

An féidir linn Tagairtí

agus Tagairt(í) Logainm a chur isteach ... i gcónaí ? an-éacht ag Logainm (foinsí iontacha) ǃ TGcoa (plé) 00:15, 4 Samhain 2022 (UTC)Reply

Return to "Áth Fhád" page.