Plé:Ionsaí scine agus círéib i mBÁC, 2023

Latest comment: 5 mhí ó shin by Kevin Scannell in topic Teideal

saothar nach beag cuir in eagar

Tá saothar nach beag ag baint leis an méid atá scríofa. Faraor tá an Ghaeilge breac le hearráidí de gach sórt, an chomhréir go háirithe.

Bheadh sé i bhfad níos éasca úsáid a bhaint as foinsí as Gaeilge, Nuacht RTÉ srl

Beidh gá le hathscríobh.

Ciarán TGcoa (plé) 13:14, 24 Samhain 2023 (UTC)Reply

Tá an t-alt aistrithe anois agam ón leagan Béarla, súil agam go n-oireann sé. Níor bhacas leis na foinsí a athrú go fóill. Splatterxl (plé) 21:49, 26 Samhain 2023 (UTC)Reply

Teideal cuir in eagar

Níl an teideal pioc sásúil... b'fhéidir "Ionsaí scine agus círéib i mBÁC, Samhain 2023" ? TGcoa (plé) 14:30, 24 Samhain 2023 (UTC)Reply

Faraor ní thuigim mórán anseo. Mholfainn an chuid is mó den alt a scriosadh agus tosú as an nua. Rud aisteach — ní dóigh liom gur ríomhaistriúchán é seo.
  • "An 2023 Corraíl Bhaile Átha Cliath a tharla mar eachtra de dhíbirt shibhialta" (?)
  • "tar éis dóibh bheith scuabtha" ?
  • "tiománaí mífhoghlaimeach"
  • "neamhluaithiúlacht"?
  • "ceangailte le teirir" (sceimhlitheoireacht?)
  • "ag caitheamh toradóirí agus buitléirí ar na hoifigigh"
  • "urlárphort a bheith ag cur scuaineanna frithmhigréine"
  • "facsó farraige iomlán a bhí ag glacadh le haon-choiste ceangailte le deiseanna an deisghrúpa" ?!
srl srl... kscanne (plé) 13:50, 25 Samhain 2023 (UTC)Reply
Déarfainnse an teideal a athrú go "Círéib Bhaile Átha Cliath 2023" nó a leithéid chun a bheith ag teacht leis an leagan Béarla. Ní raibh ann ach círéib amháin, mar sin ní oireann "Círéibeacha". Splatterxl (plé) 19:13, 26 Samhain 2023 (UTC)Reply
Táim chun an t-alt a athainmniú chuige seo muna bhfuil cur ina choinne ag éinne roimh amárach Splatterxl (plé) 20:29, 27 Samhain 2023 (UTC)Reply
An-sásta leis sin mar theideal. Agus bheadh fáilte romhat an téacs féin a ghlanadh, nó ábhar dothuigthe a scriosadh. GRMA. kscanne (plé) 22:52, 27 Samhain 2023 (UTC)Reply
Return to "Ionsaí scine agus círéib i mBÁC, 2023" page.