Plé:Meatánatrófach

Latest comment: 9 mí ó shin by Ériugena in topic ?Meatánatróf

?Meatánatróf cuir in eagar

Níl 'Methanotroph' luaite ag Tearma.ie srl, dá bhrí sin bhain me leas as 'Meatánatróf' idir an dá linn!Ériugena (plé) 19:23, 22 Lúnasa 2023 (UTC)Reply

”Meatánatrófach” is dócha... cf heitreatrófach, uatrófach, prótatrófach, sícreatrófach kscanne (plé) 12:03, 23 Lúnasa 2023 (UTC)Reply

Ar an drochuair, ní aontaím leat!

Is ainmfhocal é 'meatánatróf' a thagraíonn do chineál áirithe orgánaigh, ach is aidiacht é 'meatánatrófach' a chuireann síos ar shaintréith an orgánaigh sin!

Faoin téarma 'uatrófach', tugann tearma.ie le fios gur ainmfhocal agus aidiacht é! (.i. is ionann autotroph agus autotrophic) (Tagairt:https://www.tearma.ie/q/uatr%C3%B3fach/ )

Mar an gcéanna tá;

uatrófach, m. (gs. & npl. -aigh, gpl. ~). Autotroph.

uatrófach, a1. Autotrophic. (Tagairt:https://www.teanglann.ie/en/fgb/uatr%C3%B3fach )

In summary, "autotroph" refers to an organism that can perform autotrophy, while "autotrophic" is the adjective form used to describe the characteristic or process of autotrophy. They are related but used in different grammatical contexts.

Go hachomair, is éard is "téarma" in ainmníocht eolaíoch ann ná focal nó frása ar leithsonrach a bhfuil brí dheashainithe leis laistigh de réimse eolaíoch ar leith. Ériugena (plé) 14:26, 23 Lúnasa 2023 (UTC)Reply

Tuigim an difríocht i mBéarla, ach is léir go n-úsáideann an Coiste ainmfhocail sa chéad díochlaonadh "-ófach" ar théarmaí Béarla "-troph" (mar a rinne tusa féin san alt: "Is prócaróit iad *meatánatrófaigh*") Níor mhaith liom an nós sin a bhriseadh. kscanne (plé) 14:33, 23 Lúnasa 2023 (UTC)Reply
Tugim sin! Scríobh chuig tearma.ie agus tá mé ag fanacht ar an bhfreagra!Ériugena (plé) 16:45, 23 Lúnasa 2023 (UTC)Reply
Return to "Meatánatrófach" page.