Cén fáth gur astraigh sibh an focal 'wiki' as bearla le 'Vici'? Is focal as Haváí mar 'tapa' í, nach ea?

Is ea. Pléadh an cheist seo go luath i stair na Vicipéide seo agus 'Vicipéid' agus 'Vicí' a roghnaigh daoine ag an am úd. Bhí ar lucht bhunaithe achan leagan de Wikipedia ainm a dtionscadail féin a shocrú. Ghlac cuid díobh an leagan Béarla ('Wikipedia'), ní gan a lán díospóireachta i gcásanna áirithe (an Spáinnis, m.sh.). Chuir dreamanna eile cruth a dteanga féin air (m.sh. Wikipédia na Fraincise, Wicipedia na Breatnaise). SeoMac (plé) 19:48, 14 Meán Fómhair 2017 (UTC)Reply