Fáilte Romhat cuir in eagar

Fáilte romhat isteach. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe as a bheith ag plé leis an Vicipéad. Is féidir leat do leathanach baile a úsáid le cleachtadh a dhéanamh ar fhormáidiú a chur i bhfeidhm agus naisc a chruthú. Is fiú breathnú ar an lámhleabhar do MediaWiki i mBéarla le tuilleadh a fhoghlaim faoi seo. Nmacu 17:53, 28 Feabhra 2006 (UTC)nmacuReply

Conas ta tu a chroi? Nil aon sinti fada agam ar an diabhal rud seo. Cen sport a roghnaigh tu? MMhicCh.

Cúrsaí Cóipchirt cuir in eagar

Hi a Bnit.

Tá na híomhánna ar an leagan Béarla de Wikipedia saor ó thaobh cúrsaí cóipchirt. Ina dhiaidh sin, is gá a bheith cúramach. Muna ndeir suíomh go bhfuil cead na híomhánna atá air a úsáid, glac leis nach féidir. Má thugann muintir na Vicipéide faoi deara go bhfuil tú ag baint úsáide as íomhánna a bhfuil cóipcheart ag baint leo, bainfidh siad anuas iad agus cuirfidh siad teachtaireacht chugat faoi. Is féidir tuilleadh a léamh faoi seo ar an Vicipéid Bhéarla.

Nmacu 22:08, 19 Márta 2006 (UTC)Reply

Clár Ábhar cuir in eagar

Thóg sé an tsioraíocht orm a Bhairbre ach ceapaim go bhfuil sé díreach mar a chéile ar do cheannsa. Tárlaíonn an-chuid stuif agus duine ag baint trial as rudaí. Md 23:50, 21 Márta 2006 (UTC)Reply

Réamhamharc cuir in eagar

Haigh, a Bnit! Tá moladh amháin beag agam duit: agus atá tú ag déanamh athruithe do alt éigin, an bhféadfaidh tú an cnaipe 'réamhamharc' a úsáid níos minicí in áit an cnaipe "sábháil" a bhrú arís is arís? Mar sin, beidh na leathanaigh staire agus leathanach na n-athruithe is déanaí níos soiléire. Go raibh maith agat! --Gabriel Beecham 23:24, 25 Márta 2006 (UTC)Reply

Sár-obair cuir in eagar

Chonaic mé go bhfuil tú ag déanamh roinnt mhaith ar an t-ábhar ar fad a tharraingt le chéile. Bail ó Dhia ar an obair.

Nmacu 12:41, 4 Aibreán 2006 (UTC)Reply

Míle buíochas. Tá sár obair déanta agat féin.

Fadhbanna le híomhánna cuir in eagar

Go raibh maith agat as Íomhá:Amharchlann.jpeg Íomhá:Pictiuirsaoire.jpg agus Íomhá:Paircanchrocaigh2005.jpg a huaslódáil. Níl sé soiléir, áfach, cé leis cóipcheart na n-íomhánna agus cén stádas cóipchirt atá acu, agus mar sin b'fhéidir go scriosfar iad go luath. Bíonn an Fondúireacht Wikimedia an-chúramach maidir le híomhánna sa Vicipéid, mar gheall ar reacht cóipchirt (féach ar polasaí chóipchirt na Vicipéide).

De ghnáth, bíonn an cóipcheart leis an té a chum an íomhá, nó le fhostaitheoir an té a chum é, nó leis an té deireanach ar a bhronnadh cearta úinéireachta an íomhá. Bíonn trí shaghas ceadúnais á úsáid ar an Vicipéid don chuid is mó: .i. ábhar oscailte, fearann poiblí agus úsáid chóir.

Más mian leat, cuir sonraí cóipchirt ar aon íomhá eile a d'uaslódáil tú cheana féin agus a uaslódáileoidh tú amach anseo. Cuir i gcuimhne gur féidir leis na riarthóirí íomhánna a scrois muna bhfuil an t-eolas tábhachtach seo ar fáil dóibh. Ma tá ceist ar bith agat, tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh liom, nó an scéal a phlé ag an Halla baile. Go raibh maith agat. --Gabriel Beecham 01:17, 8 Aibreán 2006 (UTC)Reply