Fáilte cuir in eagar

Dia dhuit, a Dhomhnaillín! Tá fáilte romhat chuig an Vicipéid! GRMA as do chuid iarrachtaí anseo ar Vicipéid agus tá súil againn go mbeidh níos mó uait le teacht! Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh agus spórt as do chuid ama anseo! Tá sé éasca ailt nua a chruthú, agus tá bosca gainimh ag barr an leathanaigh seo le cuidiú leat é sin a dhéanamh. Thig leat dul go dtí an Halla Baile chun caint leis na Vicipéideoirí eile (más mian leat é sin a dhéanamh), nó dul go dtí an Lárionad Comhphobail chun breathnú ar na heachtraí Vicipéide is déanaí. Tá breis eolais fóintigh in ár reamhrá, freisin.

Más é do thoil é, sínigh do chuid theachtaireachtaí ar leathanaigh phlé le ceithre thilde a chlóscríobh; ciallaíonn sé sin go hionsáfar d'ainm úsáideora agus an dáta go huathoibríoch. Má tá cabhair ag teastail uait, féach ar Vicipéid:Cabhair, nó cuir ceist ormsa nó ar na heagarthóirí eile ar ár leathanaigh phlé. Beir bua! SeoMac (plé) 13:24, 2 Bealtaine 2018 (UTC)Reply

Stíl cuir in eagar

Go raibh maith agat as an alt nua a chuir tú suas faoi Lawrence Ferlinghetti. Alt iontach ach ná déan dearmad ar stíl na Vicipéide. Mar shampla, caithfidh an teideal a athrú go "Lawrence Ferlinghetti", is é sin "f" mór gan fleiscín. GRMA arís. SeoMac (plé) 13:36, 2 Bealtaine 2018 (UTC)Reply


Gura maith agat fhéin. Dheineas leathanach nua ansan. Arbh fhéidir an seanleathanach (Lawrence-ferlinghetti) a ghlanadh ar fad? An bhfuil fhios agat conas an leathanach Gaeilge a cheangail anois chun go bhfeicfear é mar nasc ar leathanaigh na dteangacha eile?

Domhnaillín (plé)

Go hiontach. Chun an t-alt a cheangailt, téigh go Teangacha ar an taobh chlé den leathanach. Feicfidh tú liosta de na teangacha atá ann cheana féin. Cuir Gaeilge (GA) leis an liosta. Nó déanfaidh mise é níos déanaí. Is cuma. Agus scriosfaidh mé an seanalt. (Gabh mo leithscéal as sin, tá bealach níos éasca chun ainm nua a chur ar alt.) SeoMac (plé) 15:30, 2 Bealtaine 2018 (UTC)Reply