Fáilte cuir in eagar

Haigh, a Stardomax, agus tá fáilte romhat chuig an Vicipéid! Go raibh maith agat as do chuid dréachtaí ar an Vicipéid. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as do chuid ama anseo. Tá sé éasca ailt nua a athrú nó a chruthú (mar atá 'fhios agat cheana). Thig leat freisin dul go dtí an Halla Baile chun caint leis na Vicipéideoirí eile (más mian leat é sin a dhéanamh), nó dul go dtí an Lárionad Comhphobail chun breathnú ar na heachtraí Vicipéide is déanaí. Tá breis eolais fóinteach in ár reamhrá, freisin.

Iarrtar ort do chuid teachtaireachtaí ar leathanaigh phlé a shíniú le ceithre thilde a chlóscríobh; ciallaíonn sé sin go hionsáfar d'ainm úsáideora agus an dáta go huathoibríoch. Má tá cabhair ag teastail uait, féach ar Vicipéid:Cabhair, nó cuir ceist ormsa nó ar na heagarthóirí eile ar ár leathanaigh phlé. Beir bua! SeoMac (talk) 15:55, 10 Lúnasa 2016 (UTC)Reply

Aistriúcháin uathoibríocha cuir in eagar

Is dócha go bhfuil 'fhios agat gur scriosadh alt a chuir tú ar an Vicipéid. An fáth leis sin ná go bhfuil an chuma ar an téacs gur aistrigh tú é ón mBéarla le clár aistrithe uathoibríoch, is é sin gur meaisín-aistriúchán a bhí ann. An gnás atá againn anseo le fada ná meaisín-aistriúcháin a scriosadh. Ní thig le daoine a leithéid d'alt a léamh go réasúnta éasca. Tógann sé níos mó ama iad a cheartú ná alt a scríobh as an nua. Má bhaineann tú úsáid as clár aistrithe, caithfidh tú dul tríd an alt chun é a ghlanadh suas. Murach sin, caithfidh muid an t-alt a scriosadh agus agus caillfidh tú do chuid oibre.

Roghnaigh tú cúpla ábhar maith i gcomhair an dá alt a chuir tú suas anseo, agus tá súil agam go leanfaidh tú ar aghaidh ag obair ar an Vicipéid s'againne. SeoMac (talk) 15:55, 10 Lúnasa 2016 (UTC)Reply