Plé Vicipéide:Síol

Latest comment: 17 bliain ó shin by Nmacu

An féidir focal eile a phiocadh seachas Stumpa? Tá brí ar leith leis an bhfocal i gConamara. Ciallaíonn sé fear nó bean tarraingteach agus níl sé feiliúnach ar chor ar bith sa chomhthéacs ina bhfuil sé in úsáid sa Vicipéid.

Céard faoin bhfocal stupa - rud atá ag Ó Dónaill mar aistriúchán díreach ar "stub" (nílim cinnte an bhfuil sé mórán sa chaint ach is féidir liom é seo a fhiosrú)? Buntáiste faoi úsáid an fhocail seo ná go mbreathnódh sé sách cosúil leis an bhfocal a bhí ann.

Le bheith ionraic faoi, sílim go mbeadh sé níos deise gan aon aistriúchán díreach a bheith ann ar an bhfocal "stub" ach abairt ar nós:

Tá tús curtha leis an alt seo. Cuir leis, chun cabhrú leis an Vicipéid.

a úsáid sa teimpléad .... ach, pé réiteach atá ar an scéal, sílim go bhfuil sé riachtanach fáil réidh leis an bhfocal "Stumpa". Nmacu 21:20, 5 Márta 2007 (UTC)Reply

Return to the project page "Síol".