Ar 7 Deireadh Fómhair 2022, tharla eachtra thubaisteach sa Chraoslach,[1][2] Contae Dhún na nGall, nuair a maraíodh deichniúr i bpléascadh, a loit stáisiún breosla Applegreen agus bloc árasán in aice láimhe.[3] Timpiste a bhí ann.[4] Bhí an pléascadh chomh láidir sin go raibh sé le cloisteáil 5km ón láthair.[5]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtPléasc ar an Chraoslach
Map
 55°07′09″N 7°54′21″W / 55.1192°N 7.9057°W / 55.1192; -7.9057
Cineálpléascadh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana7 Deireadh Fómhair 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhAn Craoslach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Cúispléascadh gáis Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna10 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe8 Cuir in eagar ar Wikidata
An Craoslach

Imeachtaí cuir in eagar

Réab pléasc mhór ciúnas na sráide i mbaile an Chraoslaigh ag 3.17 san iarnóin, Dé hAoine 7 Deireadh Fómhair 2022. Scriosadh stáisiún breosla Applegreen agus foirgneamh eile sa phléasc, suite ar an mbóthar N56 .

Cuireadh tús le hoibríocht mhór cuardaigh agus tarrthála láithreach bonn. Bhí seirbhísí éigeandála ón dá thaobh den teorainn páirteach ann. Ghlac go leor daoine áitiúla páirt sa gcuardach freisin, as a ndeoin féin. Leanadh den oibríocht thar oíche.

Bliain amháin níos déanaí, ní raibh a fhios céard a tharla go díreach.[6] Sceitheadh gáis a bhí ann b'fhéidir. Ach dhírigh an timpiste aird arís ar shábháilteacht agus ar rialacháin sábháilteachta.

Íospartaigh cuir in eagar

B'as an Chraoslach agus an ceantar máguaird do na mairbh: cailín in aois bhunscoile, beirt déagóirí, ceathrar fear agus triúr ban. Maraíodh Catherine O'Donnell, a bhí 39 bliain d'aois agus a mac James Monaghan, trí bliana déag; Robert Garwe, 50 bliain d'aois agus a iníon Shauna Flanagan Garwe, cúig bliana d'aois; Leona Harper, 14; Jessica Gallagher, 24; James O'Flaherty, 48; Martin McGill, 49; Martina Martin, 49; agus Hugh Kelly a bhí 59 bliain d'aois.[7]

Tugadh ochtar go dtí Ospidéal na hOllscoile, Leitir Ceanainn i ndiaidh an phléasctha. Aistríodh duine amháin a gortaíodh go dtí Baile Átha Cliath ar héileacaptar de chuid an Gharda Cósta.

Ómós cuir in eagar

Dúirt an tUachtarán Michael D. Higgins go ndeachaigh an tragóid i bhfeidhm ar chuile dhuine sa phobal áitiúil, agus ar fud na tíre.[5][8][9]

Bhí an Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Leo Varadkar agus Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald i measc na ndaoine a d'fhreastail ar shearmanas i gcuimhne na marbh Dé Sathairn, 8 Deireadh Fómhair. Luaigh Micheál Martin an méid tacaíochta a tugadh láithreach do na seirbhísí éigeandála ón bpobal áitiúil.[5]

Cúiseanna agus cóir cuir in eagar

Ar 22 Márta 2024, bhí beirt fhear gafa i dtaca le fiosrúchán an Gharda Síochána faoi thragóid an Chraoslaigh.[10]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "An Craoslach / Creeslough" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-10-09.
  2. "Deichniúr maraithe sa phléasc ar an Chraoslach i nDún na nGall" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-09.
  3. RnaG (6 Deireadh Fómhair 2023). "Barrscéalta" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-10-07.
  4. Nuacht RTÉ (2022-10-09). ""Laethanta deacra romhainn"" (as ga-IE). 
  5. 5.0 5.1 5.2 Nuacht RTÉ (2022-10-08). "Deichniúr básaithe i ndiaidh an phléasctha ar an Chraoslach" (as ga-IE). 
  6. "Gas delivery system now at centre of Garda inquiry into Creeslough explosion" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-10-07.
  7. Nuacht RTÉ (2022-10-09). "An deichniúr a cailleadh ar an Chraoslach ainmnithe" (as ga-IE). 
  8. Michelle Nic Pháidín. "Dorchadas luath an Chraoslaigh < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2023-10-07.
  9. "Ráiteas ón Aire Sláinte Stephen Donnelly maidir le Tragóid an Chraoslaigh" (ga). www.gov.ie (2022-10-08). Dáta rochtana: 2023-10-07.
  10. Nuacht RTÉ (2024-03-22). "Beirt fhear gafa faoi thragóid an Chraoslaigh" (as ga-IE).