B'údar Rómhánach, nádúraí, agus fealsamh nádúrtha é Gaius Plinius Secundus (23 AD25 Lúnasa, 79 AD), nó Plinias Mór mar is fearr aithne air, ceannasaí cabhlaigh agus airm na luath-Impireachta Rómhánaí, agus cara pearsanta an impire Vespasian é chomh maith.

Plinias Mór
Grande Illustrazione del Lombardo Veneto Vol 3 Plinio Secondo 300dpi.jpg
praefectus classis


Procurator (en) Aistrigh

70 - 72
Saol
Eolas breithe Como, 20s, 23, c. 24
Náisiúntacht An tSean-Róimh
Grúpa eitneach pobal na Róimhe
Teanga dhúchais An Laidin
Bás Stabiae (en) Aistrigh, 79, Lúnasa 0079, 24 Lúnasa 0079, 25 Lúnasa 0079
Cúis bháis timpiste ()
Muintir
Athair Gaius Plinius Celer
Máthair Marcella
Páistí
Siblíní
Teaghlach
Oideachas
Teangacha An Laidin
An tSean-Ghréigis
Múinteoirí Apion (en) Aistrigh
Antonius Castor (en) Aistrigh
Mic léinn Plinias Óg
Gairm
Gairm scríbhneoir, staraí, nádúraí, saighdiúir, file, fealsamh agus staraí na healaíne
Áit oibre An tSean-Róimh
Saothar iomráiteach Natural History (en) Aistrigh
Céim Military tribune (en) Aistrigh
Discogs ID 6111488

Chaith sé an chuid is mó dá chuid saor-ama amuigh faoin spéir ag staidéar, ag scríobh nó ag imscrúdú feiniméin nádúrtha agus gheografacha, scríobh sé saothar ciclipéideach, Naturalis Historia, a bhí ina eiseamláir d' oibreacha den sórt céanna a scríobhadh ina dhiaidh sin. Scríobh Pliny óg, a nia, faoi i litir chuig an staraí Tacitus:

Ego istas beatus cui beneficio deorum concessum vel facere scribendum esse aut scribere valet lectioni supra modum in quo Beati dona collatum. In hoc numero mihi avunculus, virtute sua, et meritas compositiones.

(Gaeilge: "Domsa, measaim go bhfuil siad beannaithe, trí bhfabhar na ndéithe, ar a bhfuil sé deonaithe acu rud a dhéanamh arbh fhiú scríobh faoi, nó rud a scríobh arbh fhiú a léamh; dothomhaiste, beannaithe iad siúd ar a tugadh an dá fhéith orthu. Sa chás deireanach sin a bhéas m'uncail, de bhua a chuid shaothair féin agus do chuid shaothair".)