Ba dhlíodóir, údar, agus ghiúistís na Sean-Róimhe é Plinias Óg (Laidin:Gaius Plinius Caecilius Secundus) (61 AD- ca. 112 AD), a rugadh Gaius CaeciliusGaius Caecilius Cilo. Chabhraigh uncail Phlinias, Plinias Mór, le tógáil agus oiliúint a nia agus bhí siad araon mar fhinné ar bhrúchtadh na Veasúive ar 24 Lúnasa 79 AD.

Plinias Óg
Plinio il Giovane.jpg
Seanadóir de chuid na Sean-Róimhe


caestóir


consul suffectus (en) Aistrigh


praetóir


treabhann na bpleibeach


gobharnóir Rómhánach


Consal Rómhánach

Saol
Eolas breitheComo, thart ar 61, 62
NáisiúntachtAn tSean-Róimh
Áit chónaitheVilla Commedia (en) Aistrigh
Lierna
Lake Como (en) Aistrigh
BásBithynia (en) Aistrigh, thart ar 113
Muintir
Athairluach anaithnid, Plinias Mór
MáthairPlinia Marcella
Céile/Céilístepdaughter of Veccius Proculus (en) Aistrigh
daughter of Pompeia Celerina (en) Aistrigh  96)
Calpurnia (en) Aistrigh  (103 -
Teaghlach
liosta iomláin
Oideachas
TeangachaAn Laidin
MúinteoiríLucius Verginius Rufus (en) Aistrigh
Quintilian (en) Aistrigh
Plinias Mór
Gairm
Gairmscríbhneoir, polaiteoir, file, dlíodóir, staraí, saighdiúir, feidhmeannach, saineolaí dlí agus státseirbhíseach
Áit oibreAn tSean-Róimh
Saothar iomráiteachEpistulae by Pliny the Younger (en) Aistrigh
Discogs ID5366305

Duine suaitheanta é Plinias Óg mar gheall ar a chéadta litreacha a mhaireann go fóill, atá ina bhfoinse luachmhar stairiúil don tréimhse. Tá go leor acu seolta chuig impirí nó daoine tábhachtacha cosúil leis an staraí, Tacitus. Ba dhuine suntasach féin é Plinias , agus é ina ghiúistís impiriúil faoi Tráian (Laidin:Marcus Ulpius Nerva Traianus Augustus ) (réimeas AD 98-117). Measadh gur fear macánta agus measartha é Plinias agus fuair sé céimeanna níos airde trí shraith de oifigí Impiriúla idir sibhialta agus míleata, an cursus honorum (féach thíos). Ba chara an staraí Tacitus é agus d'fhostaigh sé an beathaisnéisí Suetonius ina bhfoirne. Tháinig Plinias freisin i dteagmháil le go leor fir-aitheanta eile den tréimhse sin, lena n-áirítear na fealsaimh Artemidorus agus Euphrates le linn a chuid ama sa tSiria.