An Veasúiv

bolcán san Iodáil

Is stratabholcán Iodálach é an Veasúiv, nó Sliabh Veasúive (Iodáilis: Monte Vesuvio, Laidin: Mons Vesuvius) atá suite taobh thoir den chathair Napoli. Is cinnte gurb é an Sliabh Veasúiv, i ndeisceart na hIodáile, an bolcán is clúitísan Eoraip.[1]

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Veasúiv
(it) Vesuvio
Vesuvius from Pompeii (hires version 2 scaled).png
CineálActive volcano (en) Aistrigh, stratabholcán agus díol spéise do thurasóirí
Limistéar faoi chosaintVesuvius National Park (en) Aistrigh
Suíomh
IlchríochAn Eoraip
Stát ceannasachIodáil
Réigiún san IodáilCampania
Metropolitan city of ItalyCeannchathair Napoli
Map
 40°49′17″N 14°25′32″E / 40.8214°N 14.4256°E / 40.8214; 14.4256Comhordanáidí: 40°49′17″N 14°25′32″E / 40.8214°N 14.4256°E / 40.8214; 14.4256
SliabhraonQ3618573 Aistrigh
Tréithe
Starraiceacht1,232 m
Airde1,281 m
Ábharteifrít
Stair
Croineolaíocht
Nollaig 15, 1631 (Iúlach)-Nollaig 19, 1631 (Iúlach)Mount Vesuvius eruption of 1631 (en) Aistrigh
1861 eruption of Mount Vesuvius in 1861 (en) Aistrigh
1944 eruption of Mount Vesuvius in 1944 (en) Aistrigh
Lúnasa 24, 79 eruption of Mount Vesuvius in 79 (en) Aistrigh
1872 brúchtadh bolcáin
1906 Vesuvius eruption of 1906 (en) Aistrigh

TíreolaíochtCuir in Eagar

Is í an Veasúiv an t-aon bholcán amháin atá suite ar mhórthír na hEorpa (tá Etna agus Stromboli suite ar oileáin), r 1000m os cionn léibheál na farraige.[2]

 
AD 79

StairCuir in Eagar

Bhí brúchtadh cáiliúil sa bhliain AD 79, an ceann a scrios na cathracha Rómhánacha Pompeii agus Herculaneum. Cailleadh idir 10,000 agus 25,000 duine san eachtra seo. Meastar fós go bhfuil sí ar cheann de na bolcáin is baolaí ar domhan, mar tá thart ar trí mhilliún duine ina gcónaí sa cheantar máguaird.

Tharla an brúchtadh is déanaí sa bhliain 1944.

Tá an Veasúiv suanach faoi láthair.

BéaloideasCuir in Eagar

Áit naofa don laoch agus dia Earcail a bhí inti do na sean-Rómhánaigh agus na sean-Ghréigigh, agus tógadh an chathair Herculaneum ag bun an bholcháin mar ómós dó.

 
Bacchus agus an Veasúiv, freascó, Pompeii

Taispeántar an Veasúiv ina shliabh caoin torthúil i múríomhá a aimsíodh i bPompeii, an baile a raibh indán dó a bheith báite ag an sliabh chéanna in AD 79. Léirítear an bolcán coirceogach clúdaithe le crainn agus feictear Bacchus, Dia an Fhíona, ag deimhniú ardchaighdeán na bhfíonchaora ag fás ar thalamh méith an tsléibhe. Tá cuma shéimh ar an léiríú ársa seo – i bhfad níos síochánta ná Veasúiv an lae inniu!

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Cruthaitheacht an Bholcáin" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-08-24.
  2. Gaelcholáiste Na Mara. "Turais Scoile / Trips" (Irish). Gaelcholáiste na Mara. Dáta rochtana: 2019-08-24.