Is cathair Rómhánach atá adhlactha i bpáirt í Pompeii (Iodáilis:Pompei). Tá sí suite in aice le Napoli sa réigiún Iodálach Campania, i gcomhphobal Pompei. Sa Laidin, is ainmfhocal san uimhir iolra agus sa dara díochlaonadh é "Pompeii" ón fhocal Pompeii, -orum. Dar le Theodor Kraus, "Is cosúil go dtagann fréamh an fhocail 'Pompeii' ón Oscanais don uimhir 'cúig', pompe, a thugann le fios go raibh cúig ghráig nó b'fhéidir go raibh grúpa teaghlach lonnaithe ann (gens Pompeia)." Chomh maith le Herculaneum, a chomhchathair, scriosadh Pompeii agus adhlacadh é ina hiomlán i mbrúchta thubaisteach bholcán Shliabh Veasúiv a lean ar aghaidh ar feadh dhá lá sa bhliain AD 79. Chlúdaigh an brúchtadh Pompeii faoi 4 go 6 méadar luaithrigh agus slíogairt, gur cailleadh é le breis is 1.500 bliain sula ar athfhionnadh í tré thaisme sa bhliain 1599. Ó shin amach, sholáthraigh na tochailtí neamhghnácha mionléargas dúinn ar shaol na cathrach agus na hImpireachta Rómhánaí agus í i mbarr a réim. Inniu, tá an láithreán ina Shuíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO agus ar cheann de nithe is díol spéise do thurasóirí na hIodáile, le thart ar 2,500,000 cuairteoirí gach bliain.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilPompeii

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 40°45′02″N 14°29′23″E / 40.75056°N 14.48972°E / 40.75056; 14.48972
Stát ceannasachan Iodáil
Réigiún san IodáilCampania
Metropolitan city of Italy (en) AistrighCeannchathair Napoli
Común san IodáilPompei Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán0 Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús0 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla98.05 ha Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú6 haois "RCh"
Eachtra thábhachtach
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinpompeiisites.org Cuir in eagar ar Wikidata
Sráid - Pompeii

Luathstair cuir in eagar

Shín an tochailt seandálaíochta ag an suíomh go dtí leibhéal na sráide mar a bhí nuair a tharla an teagmhas bolcánach sa bhliain 79 AD ; tugann tochailt níos doimhne i gcodanna níos sine sa chathair agus cuardaigh trí tholladh in aice láimhe, ina bhfuarthas sraitheanna dhríodar measctha, le fios gur fhulaing an chathair ó bholcáin agus teagmhais seismeacha eile roimhe sin.