Poaceae
fine plandaí
Is fine mhór de phlandaí bláthanna monacotailéadónacha é Poaceae (/poʊˈeɪsiaɪ/) nó Gramineae (/ɡrəˈmɪniaɪ/) ar a dtugtar féar go coitianta. Cuimsíonn an fhine na féara gránach, bambú, na féara ar thalamh féaraigh nádúrtha, agus speicis a shaothraítear ar fhaichí.
Alopecurus pratensis | |
Sonraí | |
---|---|
Is foinse é an tacsón seo de | féar, féar tirim, grán agus gránbharr |
Planda | |
Cineál an toraidh | carapsach |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Poales |
Fine | Poaceae Barnhart, 1895 |
Cineál tacsanomaíoch | Poa |
Ainmníocht | |
Stádas ainmníochta | nomen conservandum |
Ainm comhchiallach an tacsóin |
Le thart ar 780 géineas agus thart ar 12,000 speiceas,[1] is é Poaceae an cúigiú fine plandaí is mó, tar éis Asteraceae, Orchidaceae, Fabaceae agus Rubiaceae.[2]
Meastar go gcuimsíonn tailte féaraigh, cosúil le sabhána agus fásach féir, 40.5% d'achar talún an Domhain, gan an Ghraonlainn agus an Antartaice san áireamh.[3] Is cuid thábhachtach den fhásra i go leor gnáthóg eile iad na féara, mar shampla i mbogach, i bhforaoisí agus i dtundra.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Christenhusz, M.J.M. (2016). "The number of known plants species in the world and its annual increase". Phytotaxa 261 (3): 201–217. doi: .
- ↑ “Angiosperm Phylogeny Website”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 Márta 2016. Dáta rochtana: 20 Márta 2016.
- ↑ Reynolds, S.G.. “Grassland of the world”. www.fao.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-09-20. Dáta rochtana: 2016-10-04.