Poitéinseal leictreach
Is éard is poitéinseal leictreach (ar a dtugtar freisin poitéinseal réimse leictrigh nó poitéinseal leictreastatach) ann ná an méid oibre atá ag teastáil chun aonaid luchta dheimhnigh a bhogadh, ó phointe tagartha go dtí pointe ar leith, taobh istigh den réimse gan aon luasghéarú a ghiniúint. De ghnáth, is é an Domhan an pointe tagartha nó pointe ag an éigríoch, cé gur féidir leas a bhaint as aon phointe níos faide i gcéin ó thionchar luchta an réimse leictrigh.
Foirmle |
---|
De réir, na leictreamaighnéadaice teoiriciúla, tá poitéinseal leictreachis ina chainníocht scálach sainchiallaithe ag V, comhionann le fuinneamh poitéinsiúil leictreach d'aon cáithnín luchtaithe ag suíomh ar bith (arna thomhas i ngiúil) roinnte ag an lucht an cháithnín (arna thomhas i gcúlóim). Trí lucht an cháithnín a roinnt amach faightear fuílleach atá ina tréith den réimse leictrigh féin.
Is síol faoin bhfisic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |