Benjamin Franklin

údar, clódóir, polaiteoir, máistir poist, eolaí, gníomhaí, státaire, agus taidhleoir Meiriceánach

Duine d’Aithreacha Bunaithe (Béarla: Founding Fathers) na Stát Aontaithe ba ea Benjamin Franklin (17 Eanáir 1706 (6 Eanáir 1706 sa tseanstíl)[1]17 Aibreán 1790). Ileolaí agus duine tréitheach a bhí ann: clódóir, údar agus aorthóir, eolaí, polaiteoir, gníomhaire i saol an phobail, státaire iomráiteach, ceapadóir bisiúil, agus taidhleoir. Pearsa na hEagnaíochta par excellence ba ea é.

Infotaula de personaBenjamin Franklin

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith17 Eanáir 1706
Bostún, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17 Aibreán 1790
84 bliana d'aois
Philadelphia, Pennsylvania Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPliúraisí
Áit adhlacthaChrist Church, Philadelphia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
President of the Supreme Executive Council of Pennsylvania (en) Aistrigh
18 Deireadh Fómhair 1785 – 5 Samhain 1788
← John DickinsonThomas Mifflin →
United States Ambassador to Sweden (en) Aistrigh
28 Meán Fómhair 1782 – 3 Aibreán 1783
← luach ar iarraidh – Jonathan Russell →
Ambasadóir na Stát Aontaithe chun na Fraince
14 Meán Fómhair 1778 – 17 Bealtaine 1785
← luach ar iarraidh – Thomas Jefferson →
1 Ard-Mháistir Poist na Stát Aontaithe
26 Iúil 1775 – 7 Samhain 1776
← luach ar iarraidh – Richard Bache (en) Aistrigh →
Speaker of the Pennsylvania House of Representatives (en) Aistrigh
Bealtaine 1764 – Deireadh Fómhair 1764
← Isaac NorrisIsaac Norris →
Ball de Theach Ionadaithe New Hampshire
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnDias
Scoil a d'fhreastail sé/síscolaíocht bhaile
Boston Latin School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFisic
Gairmpolaiteoir, taidhleoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Pennsylvania Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Ainm cleiteSilence Dogood Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Tír spóirtStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtficheall Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
19 Meitheamh 1754Albany Congress (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileDeborah Read Franklin Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteWilliam Franklin, Francis Folger Franklin, Sarah Franklin Bache Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJosiah Franklin  agus Abiah Folger
SiblínJane Mecom agus James Franklin
Duine muintearthaAnn Smith Franklin (deirfiúr chéile) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú


Musicbrainz: ca5c6242-7ba8-4cc9-9c32-3bf4719e54c6 Discogs: 1148108 IMSLP: Category:Franklin,_Benjamin Allmusic: mn0001192412 Find a Grave: 364 Cuir in eagar ar Wikidata

Eolaíocht cuir in eagar

Mar eolaí, bhí suim ag Franklin i stair na fisice as a chuid fionnachtana agus teoiricí maidir leis an leictreachas.

Rinne Franklin turgnaimh le heitleog le linn stoirrn toirní, agus chruthaigh ionannas idir tintreach is leictreachas. Ar an 15 Meitheamh 1752, chruthaigh Benjamin Franklin go bhfuil aibhléis sa tintreach, trí thurgnamh a dhéanamh le heitleoig agus le heochair. Mar sin, cheap Franklin an tslat thintrí.

Cheap Franklin an lionsa défhócasach, sorn "Franklin", odaiméadar le haghaidh carráistí.

Clíomeolaíocht cuir in eagar

Ceann de na luaththaighdeoirí aeráide ab ea Franklin. Mhapáil sé Sruth na Murascaille ar mhaithe le post a chur ó na Stáit Aontaithe go dtí an Eoraip.

 
Benjamin Franklin agus an turgnamh "eochair Loxley"

Am samhraidh cuir in eagar

Mhol Franklin an beart ar dtús, chun sochar níos mó a bhaint as na huaireanta de sholas an lae le linn míonna an tsamhraidh. Sa bhliain 1784, scríobh sé chuig nuachtán agus mhol sé athrú ar an am chun coinnle a shábháil mar nach mbeadh sé dorcha chomh luath sin sa samhradh.[2]

Ceol cuir in eagar

Sheinn Benjamin roinnt mhaith uirlisí ceoil – ina measc, an veidhlín, an chruit agus an giotár. D’airg sé an t-armónach gloine - uirlis déanta de ghloine. Ba é an t-armonica gloine an t-aireagán ab ansa le Franklin.[3]

 
1786ː Scríobh Franklin, "Sundry Maritime Observations". Transactions of the American Philosophical Society 2: 294-329.

Saol an phobail cuir in eagar

Chuidigh Franklin le bunú Ollscoil Pennsylvania i 1751

D’eagraigh Franklin an chéad leabharlann iasachta phoiblí i Meiriceá. Chuir Franklin an chéad leabharlann phoiblí insna coilíneachtaí Meiriceánacha ar bun i bhPhiladelphia sa bhliain 1731.

D’eagraigh Franklin an chéad bhriogáid dóiteáin i bPennsylvania. Bhí sé ar na daoine ba thúisce a mhol aontacht na 13 coilíneacht, agus mar scríbhneoir agus ghníomhaí, thaobhaigh sé le coincheap náisiúin Meiriceánaigh.

Polaitíocht cuir in eagar

Bhí Franklin an-ghníomhach le fada sa pholaitíocht roimh réábhlóid Mheiriceá, lena linn is ina diaidh. Dhréacht is shínigh sé fógra neamhspleáchais na Stát Aontaithe i 1776.[4]

Mar thaidhleoir le linn na Réabhlóide Meiriceánaí, dhaingnigh Franklin an chomhghuaillíocht leis an bhFrainc, rud a chuidigh go mór le neamhspleáchas na Stát Aontaithe a bhaint amach. Níos déanaí, bhí sé ina ambasadóir i bPáras 1778-85, ball de Chomhdháil Bunreachta na Cónaidhme i 1787

Taistealaí cuir in eagar

Chuaigh Benjamin Franklin ar cuairt chun na hÉireann i Meán Fómhair agus i nDeireadh Fómhair 1771.[5] Shroich sé Baile Átha Cliath ar an 5 Meán Fómhair 1771. Chuir an bochtanas in Éirinn iontas air[6]. D’fhreastail sé ar Theach na dTeachtaí in Éirinn agus bhí d’onóir aige, nach bhfuair ach Teachtaí Parlaiminte Sasanacha go hiondúil agus iad ar cuairt, cuireadh a fháil dul isteach chuig beár an tSeomra.[7]

 
Benjamin Franklin in Scotland and Ireland, J. Bennet Noland, UoP (1938), 1512805033

Cáil inniu cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Engber, Daniel (2006). What's Benjamin Franklin's Birthday?
  2. maynoothuniversity.ie. "Eleathanach 346". Dáta rochtana: 2020.
  3. cogg.ie. "Eureka". Dáta rochtana: 2020.
  4. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  5. "“The appearances of general extreme poverty among the lower people are amazing” Benjamin Franklin visits Dublin (1771)" (en). Come Here To Me! (2014-08-11). Dáta rochtana: 2020-04-17.
  6. "Benjamin Franklin in Scotland and Ireland", by J. Bennett Nolan (UoP 1938) 1512805033 agus (1956) ar Amazon
  7. "Díospóireachtaí" (ga-IE). Dáil100 | Houses of the Oireachtas. Dáta rochtana: 2020-04-17.