Portán na nOrdóg Órga
(Athsheolta ó Portán na nOrdóg Orga)
Leabhar do pháistí de chuid an chartúnaí Bheilgigh Georges Prosper Remi faoin ainm cleite Hergé is ea Portán na nOrdóg Órga. An 9ú leabhar sa tsraith Tintin atá ann. Scríobh Remi i bhFraincis é faoin teideal "Le Crabe aux pinces d'or". Foilsíodh ar dtúis mar shraithscéal é ón 17ú Deireadh Fómhair 1940 go dtí an 18ú Deireadh Fómhair 1941 i leathanaigh Le Soir Jeunesse agus—nuair a cuireadh an iris sin ar ceal—in Le Soir féin. Bhí an Bheilg agus an Fhrainc faoin bhforghabháil Ghearmánach ag an am.
Cineál | úrscéal grafach |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Hergé |
Teanga | an Fhraincis |
Foilseachán | 1940 , 17 Deireadh Fómhair 1940 |
Foilsitheoir | Casterman |
Tréith | |
Seánra | coimicí |
Carachtair | |
Ar siúl i gcruinne ficseanúil | Tintin universe (en) |
Cuid den tsraith | |
Eachtraí Tintin | |
Eile | |
Suíomh gréasáin | fr.tintin.com… |
Baineann scéal Portán na nOrdóg Órga le heachtraí Tintin, tuairisceoir, agus a mhadra Báinín (Milou sa bhunleagan Fraincise) i Maracó agus iad sa tóir ar dhrong smuigléirí codlaidín.
Tagairtí
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarIs síol faoi leabhar nó litríocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |