Port Láirge (Dáilcheantar)
Is Dáilcheantar 4 suíochán é Port Láirge. Contae Phort Láirge ar fad atá ann idir chathair is chontae.
Port Láirge | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | ||||
Contae in Éirinn | Contae Phort Láirge | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1923 | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Toghcháin
cuir in eagarOlltoghchán 2011
San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Ciara Conway (LO), Paudie Coffey (FG), John Halligan (Neamhspleách) agus John Deasy (Fine Gael)
Olltoghchán 2016
San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála David Cullinane (SF), Mary Butler (FF), John Halligan (Neamhspleách) agus John Deasy (Fine Gael)
Olltoghchán 2020
San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Matt Shanahan, David Cullinane (SF), Marc Ó Cathasagh (na Glasaigh) agus Mary Butler (FF). Bhí a dhóthain vótaí ag David Cullinane (SF) le beirt a thoghadh in 2020. Fuair sé 20,569 vóta ach ar an drochuair don pháirtí ní raibh an darna hiarrthóir ag Sinn Féin le buntáiste a bhaint as an rabharta tacaíochta a fuair Sinn Féin. Fuair Marc Ó Cathasagh 3,996 vóta in 2020 ag tráth a raibh bá leis na Glasaigh.[1]
Iarrthóir cathrach é Matt Shanahan, a throid an toghchán in 2020 go príomha mar gheall ar easpa seirbhísí cúram croí san ospidéal i bPort Láirge. Fuair sé 4,990 vóta in 2020 agus 1,725 vóta aistrithe ó fharasbarr David Cullinane.
Ní raibh aon suíochán sa Dáilcheantar le linn 2020-2024 ag Fine Gael. In 2020 chaill siad an suíochán a bhíodh ag John Deasy (FG) de bharr drochráta aistrithe idir a mbeirt iarrthóirí, John Cummins (FG) agus Damien Geoghegan (FG). Cé go raibh beagnach cuóta idir an bheirt níor aistríodh ach 28% den vóta a bhí ag Geoghegan (FG) chuig Cummins (FG), agus chaill Fine Gael an suíochán a fuair an Comhaontas Glas.[1]
Olltoghchán 2024
San Olltoghchán 2024, bhí cúigear déag iarrthóirí sa tóir ar cheithre shuíochán. Bhí an ceathrar Teachtaí Dála a toghadh in 2020 ag seasamh arís: an tAire Stáit Mary Butler (FF); David Cullinane (SF); Marc Ó Cathasaigh (CG) agus Matt Shanahan (Nspl). Atoghadh Butler (FF) agus Cullinane (SF) agus toghadh John Cummins (FG) agus Conor McGuinness (SF).[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Donncha Ó hÉallaithe (21 Samhain 2024). "Caolseans go mbeidh an ceathrar céanna ar ais i bPort Láirge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-24.
- ↑ "LIVE BLOG: GENERAL ELECTION '24 IN WATERFORD - McGuinness secures historic 2nd Sinn Féin seat, Shanahan out - Local Politics - Waterford News & Star" (en). waterford-news.ie (2024-12-01). Dáta rochtana: 2024-12-01.