Rásaí na Gaillimhe (féile)
An fhéile spóirt is mó agus is mó le rá i gCúige Connachta is ea Rásaí na Gaillimhe, agus gan dabht an Fhéile Rásaíochta is cáiliúla sa tír.[1] Ach is ócáid shóisialta ollmhór ná aon rud eile í Seachtain na Rásaí i nGaillimh.[2] Freastalaíonn suas le 150,000 duine ar na Rásaí i mBaile an Bhriotaigh gach bliain. Ní shárófar sin ach amháin ag an Melbourne Cup, in Cheltenham agus ag Royal Ascot.[3]
| ||||
Cineál | imeacht spóirt | |||
---|---|---|---|---|
Bailíocht | 17 Lúnasa 1869 - | |||
Suíomh | Ballybrit Racecourse, Éire (en) , Contae na Gaillimhe, Éire | |||
Tír | Éire | |||
Tinreamh | 150,000 | |||
Suíomh gréasáin | galwayraces.com |
Is iad Dé Céadaoin agus Déardaoin an dá lá mhóra, le rás mór, Pláta na Gaillimhe ar an gCéadaoin, agus an Galway Hurdle agus Lá na mBan ar an Déardaoin.[4] Bíonn cúrsaí stíle go mór chun tosaigh ar Lá na mBan.[5][6] Is fiú €10,000 an luach saothair don bhean is dea-ghléasta[7][8][9] agus €3,000 don hata is craiceáilte.[10]
Rásaíocht
cuir in eagarChomh maith leis an bhfaisean, bíonn cárta lán rásaí ann freisin. Bíonn duaischiste €2 milliún le buachan i mBaile an Bhriotaigh le linn na Seachtaine (sa bhliain 2022) – rás amháin ar a laghad in aghaidh an lae a mbeidh €100,000 as.
An Galway Hurdle Handicap an ceann ba shaibhre díobh sin (ó 1918 ar aghaidh) agus pota duaiseanna €300,000 le baint ann (sa bhliain 2022).
Chomh maith leis sin, is é an rás Galway Plate (rás Seilige Náisiúnta, ó 1869 ar aghaidh)[11] is luachmhaire, agus breis is €150,000 ag dul leis an bPláta.[12]
Stair
cuir in eagarRitheadh an chéad rás sa bhliain 1869. Leagadh amach traic rásaíochta, tógadh seastán adhmaid. Nuair a tháinig an chéad lá rásaíochta ar an Mháirt an 17ú Lúnasa 1869 bhí campaí beaga ann a chlúdaigh a náire do na marcaigh agus iad ag athrú feistis agus pubaill mhóra dóibh siúd a raibh an tart le baint díobh.[3] Bhí seirbhís báid ghaile le muintir Mhaigh Eo a thabhairt as Conga go Barr an Chalaidh. Tháinig suas le 10,000 as Baile Átha Cliath ar thraenacha. Meastar gur fhreastail 40,000 ar an gcéad fhéile rásaíochta sin in 1869 – i bhfad an iomarca mar nach raibh na háiseanna i mBaile an Bhriotaigh ná go deimhin i gcathair na Gaillimhe faoina gcomhair.
Dhá lá rásaíochta a bhíodh i gceist idir 1869 agus 1959 nuair a cuireadh ceann eile leis. Cuireadh lá eile leis i 1971, ceann eile fós i 1974 agus bhí sé lá rásaíochta i gceist ó 1982 gur tháinig 1999, agus seacht lá ó shin.[2]
Bhí John Moloney ina bhainisteoir i mBaile an Bhriotaigh ó 1989 go dtí 2020, gnó a raibh rath agus bláth air sa thréimhse seo.
Féach freisin
cuir in eagarNaisc
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "galwayraces.com" (en-IE). Galway Races (2022). Dáta rochtana: 2022-07-28.
- ↑ 2.0 2.1 Mártan Ó Ciardha (30 Iúil 2017). "Rásaí na Gaillimhe mar bhun agus mar bharr gach scéal. Ach an bhfuil aon tip agat?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-28.
- ↑ 3.0 3.1 Mártan Ó Ciardha (28 Iúil 2019). "‘Genteel racegoers’ agus ‘rough and ready Irish speakers’ – 150 bliain de rásaí na Gaillimhe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-28.
- ↑ advertiser.ie (22 Iúil 2010). "Galway advertiser". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 Iúil 2022. Dáta rochtana: 2022.
- ↑ "Rásaí na Gaillimhe | RTÉ Presspack". presspack.rte.ie. Dáta rochtana: 2022-07-27.
- ↑ Sean Ó Mainnín (3 Lúnasa 2018). "GAILEARAÍ: Fearthainn agus faisean ar ‘Lá na mBan’ ag Rásaí na Gaillimhe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-28.
- ↑ "Gradam don bhean is dea-ghléasta ag Rásaí na Gaillimhe buaite ag bean Ghaeltachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-28.
- ↑ agus lá peataireachta in óstán an G ina measc
- ↑ Sinéad Cassidy (2017-07-21). "Ladies Day Prize Announced" (en-GB). Galway Races. Dáta rochtana: 2022-07-28.
- ↑ Sinéad Cassidy (2022-04-19). "Galway Races Announce €13,000 Cash Prize for Ladies Day" (en-GB). Galway Races. Dáta rochtana: 2022-07-28.
- ↑ "From costing €800 to winning €160,000 - Hewick comes out on top in dramatic Galway Plate" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-07-28.
- ↑ "Galway | HRI". www.goracing.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-12-10. Dáta rochtana: 2022-07-28.