Tugtar réabhlóid Mheicsiceo ar na cathanna a bhí á gcur ag faicsin éagsúla ar a chéile i Meicsiceo ón mbliain 1910 go lár na bhfichidí. Ar dtús, d'éirigh Francesco Madero amach in aghaidh Porfirio Díaz, a bhí ina dheachtóir ar an tír ón mbliain 1876 i leith. D'éirigh le Madero deireadh a chur leis an "bPoirfiriacht" (Porfiriato), mar a thugadh na Meicsicigh ar chumhacht Porfirio Díaz, nó d'fhág Porfirio slán ag an tír sa bhliain 1911 le deireadh a shaoil a chaitheamh i bPáras.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtRéabhlóid Mheicsiceo
Íomhá
Cineálréabhlóid
cogadh cathartha Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse20 Samhain 1910 - 21 Bealtaine 1920
Dáta na bliana21 Bealtaine 1920 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhMeicsiceo Cuir in eagar ar Wikidata
TírMeicsiceo Cuir in eagar ar Wikidata

Níor tháinig deireadh leis an réabhlóid, áfach. A mhalairt ar fad d'iompaigh an réabhlóid ina cogadh cathartha idir a lán dreamanna polaitiúla cosúil leis na sóisialaigh, na hainrialaithe, na liobrálaigh, na pobalóirí agus lucht cosanta na scológ.

Bhí na dreamanna in ann bunreacht nua a dhréachtú don tír sa bhliain 1917, ach níorbh é sin deireadh na réabhlóide go fóill. Glactar leis go coitianta gur chuir an bhliain 1920 clabhsúr ar an réabhlóid, ach bhí ceannaircí beaga polaitiúla in áiteanna ina dhiaidh sin féin, go háirithe cogadh na gCristeros sna blianta 1926-1929.

Francisco Madero

De thoradh na réabhlóide, tháinig Páirtí na Réabhlóide Institiúidí ar an bhfód, páirtí a bunaíodh sa bhliain 1929 (san am sin, is é an t-ainm a thug an páirtí air féin ná Páirtí Náisiúnta na Réabhlóide; hathraíodh ainm an pháirtí sa bhliain 1946) agus a choinnigh an chumhacht go léir sa tír go dtí an chéad olltoghchán saor sa bhliain 2000.

Tagairtí cuir in eagar