Ó thús na coimhlinte Iosraelach-Phalaistíneach sa bhliain 1947, tá iarrachtaí réitigh bunaithe ar chríochdheighlt agus dhá stát – ceann amháin do Ghiúdaigh/Iosraelaigh agus ceann eile d’Arabaigh/Palaistínigh. Tugtar Réiteach an Dá Stát (Béarla: Two-state solution) air. Tá an smaoineamh atá á bhrú chun cinn ag an gcomhphobal idirnáisiúnta – Rialtas na hÉireann san áireamh – le tamall maith de bhlianta.[1]

Réitigh agus malairtí
ag éirí níos casta de réir a chéile

Stair cuir in eagar

Faoin gcéad phlean críochdheighilte, Rún 181 de chuid na Náisiún Aontaithe i 1947, tugadh 62% den Phalaistín d’Iosrael in ainneoin go raibh a dhá oiread Arabach sa tír is a bhí Giúdaigh. Ní nach ionadh ghlac na Síónaigh go fonnmhar leis an socrú sin agus ní nach ionadh, do dhiúltaigh na hArabaigh dó.[2]

Is i laghad agus i laghad atá an méid talún atá ar fáil do stát Palaistíneach ag dul ó shin i leith. Ó thús na coimhlinte sa bhliain 1947, bhí gach uile shocrú a tairgeadh do na Palaistínigh mífhéaráilte dóibhsean agus bhí gach uile shocrú a tairgeadh dóibh níos mífhéaráilte ná an ceann roimhe sin.

Mar shampla, in 2020 mhol Meiriceá margadh an chéid nó an ‘Deal of the Century’ mar a tugadh air chun an choimhlint a réiteach. Faoin margadh seo, ionghabhfadh nó thógfadh Iosrael 30% den Bhruach Thiar agus thabharfaí roinnt talún lámh le Gaza don stát Palaistíneach.

Fiú dá gceadófaí do na Palaistínigh stát a bhunú ar gach orlach den Phalaistín stairiúil atá lasmuigh de theorainneacha idirnáisiúnta Iosrael, fós ní bheadh acu ach 23% den talamh i gcomparáid le 77% de ag Iosrael in ainneoin gur Arabaigh iad 51% den daonra i gcomparáid le 47% Giúdaigh.

Inniu nuair a labhraíonn Iosraelaigh faoi réiteach an Dá Stát, níl an margadh a bhíonn i gceist acu chomh maith do na Palaistínigh leis an drochmhargadh sin thuas. Tá 800,000 Giúdach Iosraelach ina gcónaí sa 23% den talamh atá fágtha don stát Palaistíneach agus níl rún ar bith ag Iosrael an chuid is mó de na lonnaíochtaí sin a thabhairt suas.[2]

Malairt eile: réiteach aon stáit cuir in eagar

Molann roinnt daoine bunreacht scríofa do Iosrael-Palistín agus córas roinnte cumhachta, an "réiteach aon stáit". Tír il-eitneach agus ilchreidmheach ab ea an Phalaistín/Iosrael riamh anall agus is ea fós sa lá atá inniu ann. Bheadh gá le cosaint bhunreachtúil don dá phríomhphobal agus gné éigin de roinnt na cumhachta ag baint leis (mar atá sa Bheilg mar shampla).[3]

Ní féidir, b'fhéidir, sábháilteacht na nGiúdach in Iosrael/an Phalaistín a chinntiú go fadtéarmach trí smacht a choimeád ar an bpobal Palaistíneach le "beartais slándála". Agus ní bhainfear síocháin ná daonlathas amach do chách, b'fhéidir, go dtí go n-aithnítear go bhfuil sé i ndán don dá phobal seo an paiste beag céanna den domhan seo a roinnt eatarthu.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Deaglán de Bhréadún. Scéalta Nuachta. Leabhair COMHAR 2016.
  2. 2.0 2.1 Fachtna Ó Drisceoil agus Mac Dara Ó Drisceoil (2 Samhain 2023). "Mhínigh mé bunfhíricí na coimhlinte idir an Phalaistín agus Iosrael do mo mhac atá 13. Seo an réiteach a mhol sé…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-02.
  3. 3.0 3.1 Fachtna Ó Drisceoil (10 Deireadh Fómhair 2023). "Réiteach aon stáit an t-aon fhuascailt ar an bhfáinne fí fuilteach sa Mheánoirthear" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-03.