Róisín Bean Mhic Dhonnchadh

taidhleoir agus scríbhneoir Éireannach

Taidhleoir agus scríbhneoir Éireannach a bhí in Róisín Bean Mhic Dhonnchadh (Róisín Ní Dhochartaigh roimh phósadh di agus PD Linín a hainm pinn). (O'Doherty roimh phósadh di). Scríobh sí sraith faoin mbleachtaire Maidhc a d'fhoilsigh Sáirséal agus Dill sna 1950idí agus sna 1960dí. Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí na hirise Comhar. Bhain an tsraith bhleachtaireachta le buachaill dána scoile darbh ainm Maidhc a raibh croí mór maith aige. Deirtear go gcuirfeadh an tsraith Just William le Richmal Crompton i gcuimhne. Maidhc príomhcharachtar eachtraí an leabhair agus castar iontu freisin lena chairde, Nuala ar dhuine acu. Foilsíodh an leabhar deiridh sa tsraith sa bhliain 1968, an bhliain a bhfuair Linín bás anabaí i gcathair Nua-Eabhrac. Fionán De Barra a rinne na líníochtaí.

Infotaula de personaRóisín Bean Mhic Dhonnchadh
Beathaisnéis
Bás1968

Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmtaidhleoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Ba í an chéad reachtaire mná ar an gCumann Gaelach (COBÁC). Bhain sí an chéad duais amach i seisiún 1940-41 an Chumainn Ghaelaigh, duais a bronnadh gach bliain ar an gcainteoir is fearr sa chumann.

DUAISEANNA CHLUB LEABHAR NA SÓISEAR 1968/1969 cuir in eagar

Tá na duaiseanna seo á dtairiscint ar bhunleabhair (20-30,000 focal) a scríobhfar d'óg léitheoirí na Gaeilge, buachaillí agus nó cailíní (14-17 bliana d'aois). Tá an comórtas seo roinnte ina dhá chuid : (i) Mion-úrscéalta. Céad duais, £75 ; dara duais, £15. (ii) Ábhar eile, seachas mion-úrscéalta. Céad duais, £75 ; dara duais, £15.

Roinn (i) Duais Aitheantais, £45 : Róisín Nic Dhonnchadha. 25 Bóthar Glas Árd, Baile Átha Cliath, 6. ("Maidhc sa Danmhairg"). Moltóirí: Caoimhín Ó Marcaigh, M.A., agus Conchubhar Rónáin, M.A.

Léirmheas cuir in eagar

Maidhc sa Danmhairg á leirmheas ag Maitiú Ó Murchú in Comhar, Iml. 27, Uimh 6 (Meitheamh, 1968), lch. 24 Seo an ceathrú eachtra ag Maidhc agus a chairde. Is mac le hAmbasadóir na hÉireann chun na Danmhairge é agus nuair a bhuaileann beirt as Éirinn ann chuige le saoire a chaitheamh leis, tosaíonn an eachtraíocht. Tagann as an ruaille-buaille a chruthaíonn siad go dtugtar chun solais duine a chaith cuid mhaith dá shaoil ag fealltóireacht i gcoinne na Danmhairge agus atá réidh anois le tionscal na talmhaíochta in Éirinn a scrios. Tá stíl grod, gasta gonta ag an údar a phoc-léimeann ó tharlú go tarlú. Tá sé le moladh ar an gcúis sin mar ábhar léitheoireachta do dhaoine óga atá ar tí tabhairt faoi leabhair a léamh.

  • Maidhc, 1957
  • Maidhc Abú, 1960
  • Maidhc Bleachtaire 1961
  • Maidhc sa Danmhairg, 1968. Ceangal bog. Úrscéal do pháistí.