Róise Mhic Ghrianna

amhránaí Éireannach

Amhránaí agus seanchaí as Contae Dhún na nGall ab ea Róise Mhic Ghrianna (13 Márta 1879 – 6 Aibreán 1964).[1][2]

Infotaula de personaRóise Mhic Ghrianna
Beathaisnéis
Breith13 Márta 1879
Bás6 Aibreán 1964
85 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmceoltóir, amhránaí, seanchaí Cuir in eagar ar Wikidata

Luathshaol cuir in eagar

Rugadh Róise Mhic Ghrianna (née Ní Cholla) i Seascann an Róin, i ngar don Chlochán Liath, Co. Dhún na nGall ar 13 Márta 1879, duine de chúigear clainne le Tomás Ó Colla, feirmeoir, agus a bhean, Maighréad. Ba é Seán Hiúdaí Mac an Bhaird, ceoltóir iomráiteach, athair Mhaighréad. Fuair Tomás Ó Colla bás nuair a bhí Róise ceithre bliana d’aois. Phós a máthair Antain Ó Gallchóir dhá bhliain ina dhiaidh sin, agus bhog an chlann go dtí a bhaile in Árainn Mhór. Bhí aithne ar a leasathair mar sheanchaí ar an oileán. Ba í an Ghaeilge príomhtheanga an oileáin, ach ba trí Bhéarla a cuid scolaíochta i Scoil na Leidhbe Gairbhe. Ó naoi mbliana d'aois, chaith Mhic Ghrianna gach earrach in Inis na gCaorach, ag baint feamainne agus ag déanamh obair tí. Tar éis di an scoil a fhágáil, d’oibrigh sí ar an Lagán, i nGleann Mórnáin, Contae Thír Eoghain agus ina dhiaidh sin ar bhruach Loch Súilí ar feadh trí bliana. Ina dhiaidh sin thaistil sí idir Éirinn agus Albain ag piocadh prátaí.[1]

Nuair a bhí sí 29 bliain d'aois, phós sí Séamas Mac Grianna, fear as Árainn Mhór a raibh aithne uirthi ó bhí sí ina hóige. Fuair an lánúin leath d'fheirm athair Shéamais, timpeall trí acra, ar ar thóg siad teachín beag. Chónaigh Mhic Ghrianna sa teach seo go dtí a bás. D’imíodh a fear céile ag obair in Albain gach bliain ó Bhealtaine go mí na Nollag. I rith an ama seo, choinnigh Mhic Ghrianna an fheirm bheag, le hasal agus bó. Ó 1934, bhí a fear céile ar an dól, ach rinne sé cléibh agus ciseáin chun breis airgid a shaothrú.[1]

Amhránaíocht agus scéalaíocht cuir in eagar

Thug Cosslett Ó Cuinn cuairt ar Mhic Ghrianna i 1940, agus rinne sé tras-scríobh ar scéalta agus ar amhráin dá cuid. Thug an t-aitheantas seo muinín di mar amhránaí agus seanchaí — go dtí seo ba é a fear céile an lucht éisteachta amháin a bhí aici. Thug Pádraig Ua Cnáimhsí, príomhoide na scoile in Árainn Mhór, cuairt uirthi i 1951 agus rinne sé tras-scríobh ar sheachtó amhrán dá cuid. Chuir sé Coimisiún Béaloideasa Éireann agus Radio Éireann ar an eolas fúithi, agus chuir siad Seán Ó hEochaidh agus Proinsias Ó Conluain faoi choinne Mhic Ghrianna. Craoladh taifeadtaí Uí Conluain ó 1953 ar Raidió Éireann i gclár faoi shaol Mhic Ghrianna. Thug Séamus Ennis cuairt uirthi freisin nuair a bhí sé ag obair do choimisiún béaloidis an BBC sna 1950idí.[1][2]

D’éag Mhic Ghrianna 6 Aibreán 1964. Rinne Cathal Goan eagarthóireacht ar thaifeadtaí Uí Chonluain níos déanaí, agus d’eisigh RTÉ an saothar mar albam agus leabhrán darbh ainm Róise na nAmhrán: songs of a Donegal woman. Scríobh Ua Cnáimhsí scéal a beatha, Róise Rua, a foilsíodh i 1983. Bhuaigh an leabhar duais ag Oireachtas na Gaeilge 1983 i mBaile Átha Cliath.[1][2]

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Bryan (2009). "Dictionary of Irish Biography". Cambridge: Cambridge University Press. 
  2. 2.0 2.1 2.2 Breathnach. “MHIC GHRIANNA, Róise (1879–1964)” (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 12 January 2020.