Seán Ó hEochaidh (bailitheoir béaloidis)

béaloideasaí Éireannach

Bailitheoir béaloidis ab ea Seán Ó hEochaidh (9 Feabhra 1913 – 18 Eanáir 2002) a rugadh i dTeileann, Contae Dhún na nGall.[1] Bhí sé ina iascaire agus e óg. Cé nach raibh ach oideachas bunúsach aige, thosaigh sé ar bhéaloideas a cheantair féin a bhailiú. Dúirt sé féin gur labhair sé le timpeall míle cúig chéad duine agus é ag bailiú béaloidis scéálta agus amhráin ina measc. Bronnadh dochtúireacht onórach air ó Ollscoil na Gaillimhe sa bhliain 1988 agus bliain ina dhiaidh sin bhí sé ina uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge i nGleann Cholm Cille.

Infotaula de personaSeán Ó hEochaidh
Beathaisnéis
Breith9 Feabhra 1913
Bás18 Eanáir 2002
88 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Bhuail sé leis an dteangeolaí Gearmánach Ludwig Mühlhausen sa bhliain 1937 agus é ag iarraidh Gaeilge Uladh a fhoghlaim agus chuir se in aithne do mhuintir a bhaile dúchais é.

Foilseacháin cuir in eagar

D'fhoilsigh sé beathasinéis a athar céile Micí Mac Gabhann (1865–1948) sa bhliain 1959 faoin teideal Rotha Mór an tSaoil, tar éis a chuid cuimhní cinn faoina eachtraí sa Klondike a thaifeadadh ina ról mar bhailitheoir béaloidis.

Chuir sé an leabhar Síscéalta ó Thír Chonaill sa bhliain 1978 in éineacht le Máire Mac Néill and Séamas Ó Catháin.

Tagairtí cuir in eagar