Ludwig Mühlhausen

teangeolaí Gearmánach

Scoláire Gearmánach sa léann Ceilteach a bhí i Ludwig Mühlhausen.[1] Rugadh é ar 10 Nollaig 1888 in Kassel na Gearmáine. Bhí dochtúireacht aige ó Ollscoil Leipzig agus bhunaigh sé Roinn an Léinn Cheiltigh i 1928 in Ollscoil Hamburg. Sa bhliain 1937 thug sé cuairteanna ar Ghaeltachtaí éagsúla ar nós an Blascaod, Corr na Móna agus Teileann agus é ag feabhsú a chuid Gaeilge labhartha agus ag bailiú béaloidis. Bhí sé báúil le gluaiseachtaí na heite deise sa Ghearmáin tar éis an Chéad Chogadh Domhanda. Ba bhall den pháirtí Naitsíoch é ón bhliain 1932. Le linn na 1930í rinne sé dul chun cinn sa saol acadúil tar éis do roinnt ollúna Giúdacha a bheith briste amach as a bpostanna mar gheall ar a reiligiún. Bhí sé ina bhall den SA (Sturmabteilung - grúpa míleata an pháirtí Naitsí) agus den SS (Schutz-Staffel - póilíní speisialta). Ag tús an chogaidh chuaigh sé i mbun craolacháin as Gaeilge le bolscaireacht ar son na Naitsithe le cainteanna gach seachtain ar an stáisiún raidió Irland-Redaktion. Níos déanaí le linn an chogaidh chaith se seal mar oifigeach in arm na Gearmáine sa Bhriotáin. Ghabh an t-arm Meiriceánach é ag deireadh an chogaidh san Ostair i 1945 agus chaith sé trí bliana i gcampaí géibhinn, áit a theip ar a shláinte. Scríobh sé litir chuig De Valera ag iarraidh cabhrach ach ní bhfuair sé freagra. Fuair sé bás ar 15 Aibreán 1956.

Infotaula de personaLudwig Mühlhausen
Beathaisnéis
Breith1888
Kassel, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1956
67/68 bliana d'aois
Ulm, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Leipzig Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreTeangeolaíocht
Gairmteangeolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Humboldt Bheirlín
Ollscoil Hamburg Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí na Naitsithe
Páirtí Náisiúnta an Phobail Ghearmánaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghearmáinis

Rinneadh clár faisnéise faoi, Nazi sa Ghaeltacht, do BBC Gaeilge sa bhliain 2020 agus a craoladh ar an 26ú Iúil ar BBC agus i Meitheamh 2022 ar TG4. Bhí sé léirithe ag Macha Media agus curtha i láthair ag an iriseoir iniúchta Kevin Magee.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

| Nazi sa Ghaeltacht