Seasann na litreacha SS do Schutzstaffel der NSDAP, is é sin, Scuad Cosanta Pháirtí na Naitsithe. Bhí an SS ar an eagraíocht ba mhíchlúití i stát coiriúil na Gearmáine Naitsíche, agus an-pháirt acu san Uileloscadh. Ar dtús, is mar gharda cosanta d'Adolf Hitler a bunaíodh an eagraíocht. Nuair a ghabh na Naitsithe an chumhacht, d'iompaigh an SS ina "stát taobh istigh den stát féin", eagraíocht ilchraobhach a raibh forais éagsúla chultúrtha agus eolaíochtúla dá cuid féin aici.

Infotaula d'organitzacióSS
Schutzstaffel Abzeichen.svg Flag of the Schutzstaffel.svg
Bundesarchiv Bild 183-H04436, Klagenfurt, Adolf Hitler, Ehrenkompanie.jpg

Mana Meine Ehre heißt Treue (en) Aistrigh
Sonraí bunúsacha
Cineál paraimíleatach Páirtí na Naitsithe
paraimíleatach
Idé-eolaíocht pholaitíochta Naitsíochas
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh 4 Aibreán 1925
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte 8 Bealtaine 1945, 10 Deireadh Fómhair 1945
Gníomhaíocht
Lucht800,000 (1944)
Eagraíocht agus rialtas
Uachtaránacht Reichsführer-SS (en) Aistrigh
Stiúrthóir/bainisteoir Julius Schreck (en) Aistrigh (1925–1926)
Joseph Berchtold (en) Aistrigh (1926–1927)
Erhard Heiden (en) Aistrigh (1927–1929)
Heinrich Himmler (1929–1945)
Karl Hanke (en) Aistrigh (1945–1945)
Duine ábhartha Heinrich Himmler
Foilsiú inmhéanach Das Schwarze Korps (en) Aistrigh
Le cuid

Cuireadh an SS ar bun ar an 4 Aibreán 1925. Ar Ard-Fheis an Pháirtí Naitsíoch sa bhliain 1926, fágadh an SS faoi smacht an SA. Is éard a bhí i gceist leis an SA, nó Sturmabteilung, ná "trúipéirí ruathair" an pháirtí agus iad ní ba neamhspleáiche ar Hitler ná an SS. Sa bhliain 1934, áfach, chuir Hitler an SA faoi chois agus maraíodh cinnirí na heagraíochta seo - is gnách "Oíche na Scian Mór" a thabhairt ar na himeachtaí seo. I ndiaidh na h-"Oíche", hiompaíodh an SS ina eagraíocht neamhspleách.

I ndiaidh na bliana 1945, cuireadh cosc ar an SS sa Ghearmáin, ós rud é gur eagraíocht choiriúil a bhí ann.

TagairtíCuir in Eagar