Is é rúnscríobh na manach an nodaireacht a úsáideadh sna meánaoiseanna in Iarthar na hEorpa chun uimhriú a dhéanamh sna mainistreacha, cé go ndearnadh dearmad uirthi ina dhiaidh sin.

Nocht an nodaireacht i Sasana den chéad uair sa 13ú haois nuair a thug an manach John ó Basinstoke (d’éag 1252) anall ón Aithin í. Tá gaol éigin aici le gearrscríbhneoireacht ársa Ghréagach a fuarthas ar tháibléad cloiche ar an Acrapolas.

Tá an nodaireacht in ann aon uimhir go dtí 99 a thaispeáint le sifear amháin agus bhain na Cistéirsigh feidhm aisti sa dara chuid den 13ú haois. Tá cuntas ar leagan eile go déanach sa 13ú haois sa limistéar idir an Bheilg agus an Fhrainc, leagan a ligeann duit aon uimhir go dtí 9999 a thaispeáint le sifear amháin. Ba mhaith an áis do na Cistéirsigh an nodaireacht seo agus iad ar na chéad daoine a rinne innéacsanna agus comhchordachtaí i gcomhair leabhar. Baineadh úsáid as na sifir i dtithe screaptra ar a lán slite: lámhscríbhinní a dhuilliú, seanmóirí a uimhriú, scálaí a mharcáil ar uirlis réalteolaíochta, blianta a uimhriú ar tháblaí réalteolaíochta, toirt a bhreacadh ar bhairillí fíona. Baineadh feidhm as nodaireachtaí den chineál sin i ngearrscríbhneoireacht agus i scripteanna ionchódaithe.

Baineadh feidhm dháiríre as na sifir i dtráchtais ar dhiagacht agus ar dhiaigínteachta ó 13ú haois go dtí 15ú haois, agus i dtráchtais ar uimhríocht agus ar réalteolaíocht i ndeireadh an 14ú haois agus sa 15ú haois. Bhí siad ann mar rogha ar uimhreacha Rómhánacha agus ar na huimhreacha nua Arabacha.

Nodaireacht cuir in eagar

Chun 0 a scíobh, fág é gan líne ar bith a scríobh.

 

Tá gineadóir ar líne anseo le haghaidh uimhreacha Cistéirseacha

 
Cistéirseach
 
Cistéirseach
 
Cistéirseach
 
Cistéirseach
 
Cistéirseach

Tagairt cuir in eagar

King, David A. (2001). The Ciphers of the Monks: A Forgotten Number-notation of the Middle Ages. Stuttgart: Steiner. ISBN 3-515-07640-9