Rachel Hartman

Scríbhneoir Meiriceánach Ceanadach do dhaoine óga, go príomha

Scríbhneoir Meiriceánach agus ealaíontóir greannáin is ea Rachel Hartman (rugadh 9 Iúil, 1972 i Kentucky), agus údar ficsin d'aosaigh óga. Tá aithne uirthi as a leabhair Seraphina (2012), Shadow Scale (2015), agus Tess of the Road (2018).Scríbhneoir Meiriceánach agus ealaíontóir greannáin is ea Rachel Hartman (rugadh 9 Iúil, 1972 i Kentucky), agus údar leabhair d'aosaigh óga. Tá aithne uirthi as a leabhair Seraphina (2012), Shadow Scale (2015), agus Tess of the Road (2018) D’aistrigh Scott Oser, bean chéile an údair Seraphina ó Bhéarla go Gaeilge le déanaí agus foilsíodh an leagan Gaeilge sa bhliain 2021 [1]

Infotaula de personaRachel Hartman

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith9 Iúil 1972
51 bliana d'aois
Lexington, Kentucky, Kentucky Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Washington in St. Louis Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheVancouver
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1996 –
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinrachelhartmanbooks.com Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: _rachelhartman Cuir in eagar ar Wikidata

Luathshaol cuir in eagar

Rugadh Rachel Hartman ar 9 Iúil, 1972 [2][3] i Kentucky.[4] Bhí cónaí uirthi in áiteanna iomadúla lena n-áirítear Lexington, Kentucky,[5] Chicago, Philadelphia, St Louis, Sasana, agus an tSeapáin. d’fhreastail sí ar Ollscoil Washington, áit a bhfuair sí BA sa Litríocht .

Gairmréim cuir in eagar

I 1996 d’fhoilsigh Hartman a céad greannán, Amy Unbounded, the Ashcan Series.

Fuair a céad leabhar, Seraphina, Gradam William C. Morris 2013, a bronnadh ar an leabhar is fearr d'aosaigh óga a d’fhoilsigh údar tosaigh SAM [6] agus a bhuaigh Cybils Award 2012 don úrscéal fantaisíochta nó ficsean eolaíochta do dhaoine fásta óga is fearr.[7] Bhí Shadow Scale le feiceáil ar Liosta na Leabhar Sárdhíola an New York Times, do leabhair Dhaoine Fásta Óga, ina chéad seachtain incháilitheachta.[8] Scaoileadh a tríú húrscéal, Tess of the Road, úrscéal compánach le carachtair nua chomh maith le láithriú carachtair óna chéad dá úrscéal, an 27 Feabhra, 2018.[9]

Saol pearsanta cuir in eagar

Tá cónaí ar Hartman i Vancouver, British Columbia lena fear céile Scott Oser agus a mac.[10][11]

I measc a caitheamh aimsire tá léamh, rólimirt, damhsa, agus an dordveidhil a sheinnim.[12]

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar