Leabhar fantaisíochta is ea Seraphina, a seoladh i 2012. Is é an chéad úrscéal é ó Rachel Hartman.[1][2] D'fhoilsigh Random House Publishing ar 10 Iúil 2012, agus bhí sé ar an ochtú leabhar ar Liosta Leabhar Sárdhíola an New York Times sa tseachtain i ndiaidh a fhoilsithe.[3] Bronnadh an Duais William C. Morris, a bhronntar ar an saothar is fearr do dhaoine óga fásta ó údar nua, ar Seraphina i 2013. Cé gur scríobhadh i mBéarla é, tá cearta foilsithe an leabhair díolta i fiche teanga iasachta, an Ghaeilge, an Spáinnis agus an Eabhrais san áireamh. D'fhoilsigh Coiscéim an t-aistriúchán Gaeilge go luath i 2021. Tháinig Shadow Scale, atá ina chomharba ar "Seraphina", amach i 2015.[4][5][6]

WD Bosca Sonraí LeabharSeraphina
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarRachel Hartman Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Ealaín chlúdaigh leAndrew Davidson (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2012 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirRandom House
Tréith
Seánrafantaisíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Sprioclucht féachanayoung adult (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Gradam a fuarthasWilliam C. Morris Award (en) Aistrigh
Monica Hughes Award for Science Fiction and Fantasy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Amy Unbounded (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Achoimre cuir in eagar

Tá scéal Seraphina suite i ríocht darb ainm Goredd, agus leanann an leabhar Seraphina, ceoltóir sa chúirt ríoga, sé bliana déag d'aois. Tarraingíodh isteach i mistéir dúnmharaithe í nuair a thángthas ar chorp an Phrionsa Rufus, agus é dícheannaithe ar nós a thugann le fios gur dragain a mharaigh é. Tharlaigh an dúnmharú an oíche roimh chothrom an lae 40 bliain ó shin a síníodh conradh a chuir deireadh leis an gcogadh idir dragain agus an cine daonna. Is féidir leis na dragain cruth daonna a chur orthu, ach teipeann orthu mothúcháin dhaonna a thuiscint, rud a chuireann leis an easpa muiníne agus leis an bhfuath idir an dá chine.

Cúlra cuir in eagar

Scríobh Hartman faoin ríocht Goredd i dtosach in úrscéal grafach darb ainm Amy Unbounded. Thug Hartman le fios, agus í faoi agallamh ag Suvudu, gur dheacair léi dragain a tharraingt i líníocht agus dá bhrí sin roghnaigh sí go bhféadfaidís cruth daonna a chur orthu féin chun gurbh usa iad a tharraingt.[6]

Reception cuir in eagar

Ba mhaith an glacadh a fuair Seraphina,[7][8][9][10]. Fuair an leabhar ocht léirmheas a bhfuil réiltín leo ó shuímh léirmeasa éagsúla, agus aitheantas ón Center for Children's Books.[11][12][13] Mhol Kirkus Reviews an leabhar, leis, agus “sármhaith” á thabhairt air.[14] Dúirt léirmheastóir de chuid an Washington Post go raibh Hartman in ann "fuil úr a chur i dtróp seanchaite [na ndragan ficseanúil]".[5] Bhronn SFX 4 réiltín go leith ar an úrscéal, agus a chuid próis á lua mar "go hálainn".[15] Dúirt an Quill & Quire leis go seasann an leabhar amach ó na “gnáthscéalta dragan”, agus téamaí an leabhair ó thaobh teanga agus ceoil de ag ag oibriú go maith le próis Hartman.[16] Roghnaigh Publishers Weekly an leabhar mar cheann dá “Leabhair Nua Is Fearr don tSeachtain 9ú Iúil 2012”,[17] agus dúirt go “bhfuil a lán suilt le fáil i gcéadleabhar Hartman”.[18] Mol léirmheastóirí de chuid an School Library Journal stíl Hartman mar aon le reacaireacht an chlosleabhair.[19][20]

Duaiseanna cuir in eagar

Bhí Seraphina sa bhabhta ceannais le haghaidh Governor General's Literary Award i gCeanada i2012 sa chatagóir Téacs do Pháistí.[21] Ar 28ú Eanáir 2013 fuair sé Duais William C. Morris, a bhronntar go bliantúil ar an leabhar is fearr do dhaoine óga fásta atá á fhoilsiú sna Stáit Aontaithe ó údar nua.[22] Bhí Seraphina ar an ngearrliosta do Waterstone's Children's Book Prize i 2013 sa chatagóir “leabhair do dhéagóirí”,[23], agus fuair sé an Duais Cybils le haghaidh an úrscéil fantasaíocht nó ficsin eolaíochta do dhaoine óga fásta.[24] Tháinig sé sa data áit i 2013 donWilliam L. Crawford Fantasy Award.[25] Cuireadh “Seraphina” ar an liosta fada sa Ríocht Aontaithe don CILIP Bonn Charnegie i 2013.[26] Bhí Seraphina ar an ngearrliosta freisin don Kitschies Golden Tentacle Award i 2012 agus an Duais Andre Norton.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "See the trailer and an excerpt from Seraphina by Rachel Hartman -- EXCLUSIVE". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-02-22. Dáta rochtana: 2015-06-08.
  2. "Rachel Hartman | San Diego Comic-Con 2012".
  3. "NY Times Best Sellers (Children's Chapter Books) July 29, 2012".
  4. "OMG!".
  5. 5.0 5.1 "Rachel Hartman’s ‘Seraphina’: Rich tale about dragons".
  6. 6.0 6.1 "SDCC 2012: Interview with Rachel Hartman". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-02-22. Dáta rochtana: 2015-06-08.
  7. "Review: Seraphina".
  8. "Review: Seraphina".
  9. "What if Dragons were more like Vulcans who breathe fire?".
  10. "Audiobook Reviews: Seraphina".
  11. "Starred Reviews from the August 2012 Issue".
  12. "BCCB - September 2012 Stars".[nasc briste go buan]
  13. "Starred YA Book Reviews 2012". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-05-19. Dáta rochtana: 2015-06-08.
  14. "SERAPHINA By Rachel Hartman (Author)".
  15. "Seraphina by Rachel Hartman REVIEW".
  16. "Seraphina by Rachel Hartman". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 7 Aibreán 2014. Dáta rochtana: 8 Meitheamh 2015.
  17. "PW Picks: The Best New Books for the Week of July 9, 2012".
  18. "Children's Review: Seraphina".
  19. "Review: Seraphina". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Lúnasa 2012. Dáta rochtana: 8 Meitheamh 2015.
  20. "Multimedia Reviews: October 2012".
  21. "GG2012". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-04-07. Dáta rochtana: 2015-06-08.
  22. "American Library Association announces 2013 youth media award winners".
  23. "Waterstones Children's Book Prize 2013 - shortlists announced".
  24. "The 2012 Cybils Awards".
  25. "2013 Crawford Award".
  26. "Longlists announced for the CILIP Carnegie and Kate Greenaway Medals". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-04-07. Dáta rochtana: 2015-06-08.

Nascanna seachtracha cuir in eagar

Teimpléad:Wikiquotepar