Cathair in Iosrael is ea Ramat Gan. Tá sé suite i lár na tíre i mórcheantar Tel Aviv, taobh thoir den gcathair sin. Bhí 146,212 duine ina gcónaí in Ramat Gan sa bhliain 2010.

Radharc ar chuid de Ramat Gan, Túr Moshe Aviv ar dheis

"Aird ghairdíní" an chiall atá le Ramat Gan in Eabhrais. Ceannaíodh talamh sa cheantar sna blianta 1914–1918. Bunaíodh moshava, cineál lonnaíocht feirmeoireachta, ag tús na 1920idí. Sa bhliain 1968 cuireadh malartán diamaintí ar bun in Ramat Gan, ceann de na malartáin is mó ar Domhan an lá atá inniu ann. Tá a lán de chomhlachtaí ard-teic Iosrael suite sa chathair. Tá an Túr Moshe Aviv in Ramat Gan freisin—is é an foirneamh is airde in Iosrael é.