Raymond Chandler
Scríbhneoir scéalta bleachtaireachta agus scriptscríbhneoir scannán a bhí i Raymond Thornton Chandler, a rugadh i Chicago ar an 23 Iúil 1888 agus a fuair bás i San Diego ar an 26 Márta 1959. Bhí an-tionchar ag a stíl "chruabhruite", mar a deirtear, ar na scéalta bleachtaireachta, ar an gcineál daoine a bhíonn le feiceáil iontu agus ar an gcineál stíle a chleachtar iontu inniu. Is é príomhlaoch a chuid scéalta, Philip Marlowe, ionchollú an "bhleachtaire phríobháidigh" mar a shamhlaítear dúinn inniu é.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Raymond Thornton Chandler 23 Iúil 1888 Chicago, Illinois |
Bás | 26 Márta 1959 70 bliana d'aois La Jolla, California |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Niúmóine) |
Áit adhlactha | Mount Hope Cemetery (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Dulwich |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Coirscéal |
Gairm | scríbhneoir scripte, scríbhneoir, úrscéalaí, file |
Tréimhse oibre | 1933 – |
Seánra | Ficsean bleachtaireachta |
Faoi thionchar | |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Arm na Breataine agus an tAerfhórsa Ríoga |
Coinbhleacht | An Chéad Chogadh Domhanda |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Céile | Cissy Pascal |
Gradam a fuarthas
| |
Ainmnithe do
| |
|
A Shaol
cuir in eagarCé gur sna Stáit Aontaithe a rugadh é, chaith sé blianta a óige i Sasana. Thréig a athair - innealtóir a bhí ina alcólach - a theaghlach, agus chuaigh máthair Raymond, bean Éireannach, ar ais go dtí an Ríocht Aontaithe in éineacht lena mac. Ba é deartháir na máthar a choinnigh bia agus beatha leo. Ina fhear óg dó d'fhill Raymond go Meiriceá ag iarraidh a áit féin a aimsiú sa saol. Liostáil sé sna saighdiúirí sa Chéad Chogadh Domhanda, agus chaith sé seal ag troid. I ndiaidh an chogaidh, d'fhill sé go Los Angeles, agus rinne sé staidéar ar chuntasóireacht le jab seasta a fháil. Phós sé bean a bhí ocht mbliana déag ní ba sine ná é. Sna 1930idí, nuair a chaill sé a jab de dheasca na ndeacrachtaí a bhí aige leis an mbiotáille, thosaigh sé ag scríobh scéalta garrfhicsin lena chuid a shaothrú. D'éirigh leis an scríbhneoireacht, agus sna 1940idí, fostaíodh ina scriptscríbhneoir i Hollywood é. Fuair a bhean chéile bás sa bhliain 1954, agus í tinn ar feadh i bhfad roimhe sin.
Ní raibh sé ina dhuine shona riamh. Bhí sé ina dhruncaire, cosúil lena athair roimhe, agus dúlagar intinne ag goilleadh air. Chuaigh na deacrachtaí seo chun olcais i ndiaidh bhás a mhná céile. Bhí sé mór le cúpla bean ina dhiaidh sin, ach ní raibh mórán maithe sna cumainn seo, agus bhí níos mó ná bean amháin ag déanamh gur homaighnéasach a bhí ann agus é á shéanadh féin.
A Shaothar
cuir in eagarScríobh sé cuid mhór scéalta, ach is iad na húrscéalta The Big Sleep agus The Long Goodbye na cinn ba mhó a thuill clú dó.Is é an locht is mó a fhaightear ar a chuid scéalta nach raibh bua na plotála aige - rinne sé praiseach den phlota go minic - agus ní thaitníonn an stiúir mhadrúil a bhíonn faoi le cách ach an oiread, go háirithe an dóigh a mbíonn sé ag trácht ar mhná agus ar homaighnéasaigh. Ón taobh eile de, tá féith liriciúil ann a chuireann ar a chumas áiteanna agus timpeallacht na n-imeachtaí a chur os comhair an léitheora ar dhóigh bheo bhíogúil.