Oileán neamháitrithe in Antigua agus Barbúda, náisiún sna hIndiacha Thiar in Oileáin na Fothana is ea Redonda. Tá Redonda 1.6km (1 míle) ar fad, 0.5km (.03 míle) leathan, agus 296 méadar (971 troigh) ag an bpointe is airde. Tá an t-oileán suite 56.2km (34.9 míle) siar ó dheas ón oileán Antigua, ach is é Montserrat an t-oileán is cóngaraí dó. Iarsma de sheanbholcán marbh atá ann.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachRedonda
(en) Redonda Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálOileán, dependency of Antigua and Barbuda (en) Aistrigh agus sráidbhaile tréigthe Cuir in eagar ar Wikidata
Fionnachtaí nó aireagóirCriostóir Colambas Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deOileáin na Fothana
Na Mion-Aintillí Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilNa Mion-Aintillí Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinAntigua agus Barbúda Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhMuir Chairib Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 16°56′18″N 62°20′42″W / 16.9383°N 62.345°W / 16.9383; -62.345
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Toisí0.53 (leithead) × 1.36 (fad) km
Achar1.5 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Blian aimsithe1493 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Dáta a bunaíodh1967 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhaist Críostóir Colambas Santa María de la Redonda ar an oileán, ach de bharr é a bheith chomh lom sceirdiúil agus atá sé, níor bhac éinne seachas na foghlaithe mara le Redonda go ndearna na Briotanaigh cuid de Antigua, coilíneacht dá gcuid ag an am, é sa bhliain 1872 ar eagla go nglacfadh na Stáit Aontaithe é agus go mbeadh fosfáití an oileáin ina seilbhse siad seo. D'éirigh na Briotanaigh as baint na bhfosfáití faoi dheireadh an Chéad Chogadh Domhanda, áfach. Tá iarsmaí den mhianadóireacht sin le feiceáil fós ar an oileán, ach is iad na sluaite éin mhara, turasóirí lae agus dornán eolaithe a bhaineann úsáid as Redonda inniu. Eisítear stampaí feiceálacha in ainm Redonda gan mórán úsáide a bheith á mbaint astu cé's moite iad a dhíol le bailitheoirí stampaí.