Rhys McClenaghan

gleacaí ealaíonta Éireannach (1999-)

Is gleacaí ar son na hÉireann Rhys Joshua McClenaghan (a rugadh ar an 21 Iúil 1999 i gContae Aontroma), a bhuaigh bonn óir ag na Cluichí Oilimpeacha i bPáras sa bhliain 2024.[1]

Infotaula de personaRhys McClenaghan

(2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Iúil 1999
25 bliana d'aois
Baile Nua na hArda, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Airde1.71 m Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmgleacaí ealaíonta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Tír spóirtÉire
Tuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtgleacaíocht ealaíonta Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
2 Lúnasa 2020gymnastics at the 2020 Summer Olympics – men's pommel horse (en) Aistrigh (7) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas


Facebook: mcclenaghanrhys X: mcclenaghanrhys Instagram: rhysmcc1 Youtube: UCSLTx0-ypG69m5Zrugjw3HA Olympics.com: rhys-mc-clenaghan Cuir in eagar ar Wikidata
2022
2022

Ag na Cluichí Comhlathais 2018 ar son Tuaisceart Éireann, bhuaigh sé bonn óir ar an gcapall corr. Ag Craobhchomórtais na hEorpa 2018, bhuaigh sé bonn óir ar an gcapall corr.

In 2021, bhain crá croí ceart leis na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo do McClenaghan nuair a thit sé den chapall corr sa bhabhta ceannais.

Thug McClenaghan leis bonn óir ag craobhacha an domhain in 2022 agus in 2023.

Thug gleacaí na hÉireann taispeántas a bhí beagnach gan locht agus scór 15.533 aige.[2] Fuair Nariman Kurbanov ón gCasacstáin an bonn airgid agus chríochnaigh Stephen Nedoroscik óna Stáit Aontaithe sa 3ú háit. Is é McClenaghan an chéad ghleacaí as Éirinn riamh a bhuaigh bonn ag na Cluichí Oilimpeacha.[1]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2024-08-03). "Bonn óir ag McClenaghan" (as ga-IE). 
  2. "Bonn óir buaite ag Rhys McClenaghan d’Éirinn agus bua stairiúil aige ar an gcapall corr" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-08-03). Dáta rochtana: 2024-08-03.