Richard Davies (Mynyddog)

(Athsheolta ó Richard Davies)

File, amhránaí, agus stiúrthóir eisteddfod a raibh an-tóir air ba ea Richard Davies (ainm cleite: Mynyddog) (10 Eanáir 1833 – 14 Iúil 1877), a rugadh i Llanbrynmair, Sir Drefaldwyn. Is é údar na liricí leis an gceoldráma móréilimh 'Blodwen' agus amhráin ar nós 'Gwnewch Bopeth y Gymraeg', 'Pistyll y Llan' agus 'Myfanwy '.

Infotaula de personaRichard Davies

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith10 Eanáir 1833
Llanbryn-mair, Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Iúil 1877
44 bliana d'aois
an Bhreatain Bheag, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaan Bhreatain Bheag Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm cleiteMynyddog Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla


Musicbrainz: 55544f3d-311f-4341-9200-23bbec1bf1e1 Songkick: 330827 Discogs: 257474 IMSLP: Category:Davies,_Richard Project Gutenberg: 5571 Cuir in eagar ar Wikidata
Portráid de Richard Davies (Mynydog)

Rugadh Mynyddog i dteach a thuismitheoirí ar fheirm "y Fron", [1]Llanbryn-mair, sa bhliain 1833. Chaith sé a óige ag feirmeoireacht ar fheirm an teaghlaigh agus ag aoire ar chnoic Llanbrynmair. Cuid lárnach dá shaothar ab ea an saol amuigh faoin aer i measc ghlóir an dúlra agus an chumann dlúth Bhreatnaise a chothaigh sé i sráidbhailte beaga tuaithe Maldwyn agus Meirionnydd. Ní mheastar gur file iontach é.

Ba fhile móréilimh é Mynyddog ina ré i measc an phobail, amhail Ceiriog a bhí chomhaimseartha leis. Bhí sé ina iomaitheoir go minic ag an Eisteddfod, sa mhéadair clasaiceach agus nua - aimseartha, agus b'fhéidir gur ghlac se a ainm ainm cleite, Mynyddog, ó Newydd Fynyddog, cnoc in aice lena bhaile. Ní raibh aon fhiúntas ar leith ina chuid oibre sna méadair chlasaiceacha, ach bhí an - tóir ar a chuid liricí. Bhí siad ceolmhar, neamhshofaisticiúil, a dhéileáil leis an sólás agus le cora casta an tsaoil a bhí ag an gcosmhuintir, baois an uabhair, agus áiféis na fimíneachta. Chan sé na hamhráin seo ag ceolchoirmeacha fud fad na Breataine Bige, agus é á thionlacan féin ar armóin bheag.