Robert de Boron
Cléireach nó ridire de bhunadh Fhranche-Comté a rugadh i mBoron, baile atá suite i dterritoire Bhelfort na Fraince, ab ea Robert de Boron nó Robert de Borron (deireadh na 12ú haoise - tús na 13ú haoise). Scríbhneoir Francach a chum saothair véarsaíochta fén Soitheach Naofa ab ea é, agus ba í an tSean-Fhraincis teanga a chuid scríbhneoireachta í.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 12 haois Boron |
Bás | 13 haois |
Teanga dhúchais | an Fhraincis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file |
Tréimhse oibre | 12 haois – 13 haois |
Teangacha | An Fhraincis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Cé go rabhadar bunaithe ar shaothair Chrétien de Troyes agus Wace, do tháinig athruithe móra ar scéal Rí Artúr insna saothair a cheap Robert de Boron. Baineann an chuid is mó desna athruithe sin leis an dtábhacht a thug de Boron don gCríostaíocht. Ba é Robert de Boron, mar shampla, a dhein creadair den Soitheach; insna scéalta dá chuidsean, is ionann an Soitheach agus an Chailís Naofa (.i. an chailís a baineadh úsáid aisti ag an Séire Déanach agus ar thit braonta d'fhuil Íosa Críost inti nuair a bhí sé thuas ar an gCroch Chéasta).
Príomhshaothair de chuid Robert de Boron is ea Le Roman de l'histoire du Graal (Gaeilge: 'Rómáns Stair an tSoithigh'), a cheap sé thart ar an mbliain 1200, Joseph d'Arimathie (Gaeilge: 'Iósaef ó Aramatáia') agus Merlin en prose (Gaeilge: 'Meirlín trí phrós'), dhá shaothar a cheap sé ag tús na 13ú haoise, agus Perceval en prose (Gaeilge: 'Perceval trí phrós'), a cheap sé timpeall 1205-1210.[1]
Ag deireadh Le Roman de l'histoire du Graal, tugann Robert de Boron le tuiscint don léitheoir go bhfuil sé i seirbhís fir darb ainm Gautier "Mhont Belyal", agus meastar gurb é an fear atá i gceist aige ná Gautier de Montbéliard, tiarna Mhontfaucon, a fuair bás insan mbliain 1212 nuair a bhí sé i gcrosáid.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Tá na dátaí a thugtar anseo bunaithe ar shonraí a thugann Claude Lachet (viz. Claude Lachet, Les métamorphoses du Graal : anthologie, Flammarion, 2012).