Roibeard Shipboy Mac Ádhaimh

fear gnó Preispitéireach agus gníomhaí ar son na Gaeilge

Duine de Ghaeilgeoirí móra Preispitéireacha Oirthear Uladh ab ea Roibeard Shipboy Mac ÁdhaimhRobert Shipboy McAdam (1808-1895)[1]. Saolaíodh i mBéal Feirste é, agus b'iad a thuismitheoirí James MacAdam, tráchtálaí crua-earraí, agus Jane Shipboy nó Shipbuoy ó Chúil Raithin.

College Square East, Béal Feirste

SaolCuir in Eagar

 
Academical Institute

Fuair Roibeard óg cuid dá oideachas in Institiúid Acadúil Bhéal Feirste, ach is é an chuma atá ar an scéal gur fear féinteagasctha a bhí ann, an chuid is mó. Is dócha nach raibh sé á thógáil le Gaeilge, ach mar sin féin, bhí an teanga agus cuid mhór amhrán ag a uncail. Deir Ó Buachalla go raibh an Ghaeilge timpeall air i ngach aon treo agus é ag fás suas, ar scoil, sa tsráid, i measc a chomharsan agus a chairde agus i measc a mhuintire féin.

Nuair a bhí an scoil críochnaithe aige, chuaigh Roibeard ag cabhrú lena athair i gcúrsaí gnó mar phrintiseach, ach fuair James bás nuair nach raibh a mhac ach ina ghearrstócach trí bliana déag.

 
Cuimhneachán, Cnoc Bríde (Knockbreda), Béal Feirste

A luaithe a d’fhág sé an scoil bhí sé de chúram ar Roibeard bheith ag taisteal Chúige Uladh ag díol earraí iarainn, agus sa taisteal dó is ea a bhailíodh sé lámhscríbhinní, béaloideas agus amhráin. Sa bhliain 1835, hunaigh Roibeard agus a dheartháir James monarcha, an Soho Foundry.

Thaistil sé Cúige Uladh ar fad ar lorg oibre nó slí bheatha de chineál éigin.

Bhí an Ghaeilge go géar de dhíobháil air ar a chamruathar, ós rud é gurb í an t-aon teanga amháin a bhí á labhairt i gcuid mhór de na háiteanna a ghnáthaigh sé.

D'fhoghlaim sé caint na ndaoine go paiteanta, agus tháinig tuiscint aige ar fhiúntas cultúrtha na teanga. Mar sin, thosaigh sé ag bailiú lámhscríbhinní agus seanscéalta Gaeilge. B'eisean a chuir i dtoll le chéile an chéad díolaim de sheanscéalta Gaeilge na cosmhuintire.

Sa bhliain 1835, chuir Mac Ádhaimh agus Tomás Ó Fiannachtaigh graiméar ar fáil.[2]

Ba iad Mac Ádhaimh agus a dheartháir a bhunaigh an Ulster Journal of Archaeology sa bhliain 1853.

Theip ar an monarcha sa deireadh agus bhí Mac Ádhaimh bochtaithe go mór faoin am a fuair sé bás. Ní raibh i láthair ag a shochraid go reilig Chnoc Bríde ach a ghaolta agus cúpla duine eile.

Féach freisinCuir in Eagar

  • A.J. Hughes - Robert Shipboy MacAdam (1808-95): his life and Gaelic proverb collection (1998).

TagairtíCuir in Eagar

  1. http://www.mcadamshistory.com/tiki-read_article.php?articleId=377
  2. An introduction to the Irish language intended for the use of the Irish classes in the Royal Belfast Academical Institution (1835).