Rointginiam
Is dúil cheimiceach shintéiseach é an rointginiam. 111 an uimhir adamhach, agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Rg. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha go léir, is dúil éagobhsaí radaighníomhach é, agus ní féidir mórán a fháil amach faoina shaintréithe ceimiceacha, toisc go dtagann meath radaighníomhach air chomh tiubh. Is é an t-iseatóp is fadsaolaí atá ag an rointginiam ná Rg-282, nó is í an leathré atá aige ná 100 soicind. Ba iad na taighdeoirí san Institut für Schwerionenforschung, an Insttiúid um Thaighde ar na Tromiain, in Darmstadt sa Ghearmáin a ghin an chéad adamh rointginiam sa bhliain 1994, agus fuair an dúil an t-ainm atá uirthi inniu sa bhliain 2004. Tagairt atá ann do Wilhelm Conrad Röntgen, an t-eolaí Gearmánach a rinne fionnachtain na n-x-ghathanna (ina lán teangacha tugtar "radaíocht Röntgen" ar na gathanna céanna).
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha |
---|---|
Rointginiam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Rg agus Uuu |
Uimhir adamhach | 111 |
Peiriad, Grúpa | peiread 7 grúpa 11 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Stair | |
Aimsitheoir | GSI Helmholtz Centre for Heavy Ion Research (en) |
Fionnachtain | 8 Nollaig 1994 |
Eapainm | Wilhelm Conrad Röntgen |
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |