Ros an Mhíl
Baile Gaeltachta i gContae na Gaillimhe is ea Ros an Mhíl.[1] Tá cuan mór ann. Is uaidh sin a théann formhór na mbád farantóireachta go hOileáin Árann.
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
Rossaveal (en) Ros an Mhíl (ga) ![]() | ||||
![]() ![]() | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae na Gaillimhe ![]() | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 1 m ![]() | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1166634 |
Sna 2020idí, leagadh go leor béime ar fhorbairt Ros a’ Mhíl in Údarás na Gaeltachta. Fuair an comhlacht Ward and Burke conradh le haghaidh méadú na céibhe agus forbairt an chalafoirt domhainmhara. Bhí Fuinneamh Sceirde Teo go láidir ar son na forbartha sin. Ach in 2025, thug Banc Macquarie as an Astráil droim láimhe le hiarracht a bhí ar bun acusan le feirm mhór ghaoithe a lonnú thart ar charraigeacha na Sceirde, siar ó chósta Chonamara.[2][3][4]
Níl calafort Ros an Mhíl in ann déileáil i láthair na huaire leis an infreastruchtúr bád a bheadh ag teastáil san earnáil fuinnimh gaoithe. Bhí céibh dhomhainmhara a raibh costas €30 milliún curtha uirthi le tógáil i Ros an Mhíl. Stopadh an obair ar an suíomh ag deireadh 2023 agus thart ar thrí cheathrú cuid di déanta nuair a rinneadh achomharc in aghaidh síneadh a cuireadh leis an gcead pleanála. D’éirigh leis an achomharc sin in 2024. Caithfidh Roinn an Mara iarratas pleanála eile a chur isteach.[5]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Ros an Mhíl/Rossaveal | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ Máirtín Ó Catháin (28 Aibreán 2025). "Cá bhfuil an ghaoth anois? Ceist thábhachtach í ar muir agus ar tír" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-04.
- ↑ "Geolaíocht ghrinneall na farraige ‘róchasta’ le feirm ghaoithe a fhorbairt ar Charraigeacha Sceirde" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-04-29). Dáta rochtana: 2025-05-01.
- ↑ sceirderockswindfarm.ie (2025-04-28). "Ráiteas maidir le Feirm Gaoithe Charraigheacha Sceirde" (ga). Gaeilge. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-05-01. Dáta rochtana: 2025-05-01.
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (1 Iúil 2025). "‘D’fhéadfadh nach bhfuil deireadh fós le togra gaoithe na Sceirde’ – Údarás na Gaeltachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-01.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |