Rosemary Dobson
File Astrálach ba ea Rosemary de Brissac Dobson (Oifigeach Ord na hAstráile) (18 Iúil 1920 – 27 Meitheamh 2012).[1] Bhí sí ina heagarthóir agus ina léaráidí freisin.[2] D’fhoilsigh sí ceithre chnuasach déag filíochta agus aistríodh a saothar go Fraincis agus go teangacha eile.[3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 18 Meitheamh 1920 Sydney, New South Wales |
Bás | 27 Meitheamh 2012 92 bliana d'aois Canberra, Australian Capital Territory |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Sydney Frensham School (en) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Litríocht na hAstráile, eagarthóireacht, maisiú agus filíocht na hAstráile |
Gairm | file, eagarthóir rannchuidithe, scríbhneoir, maisitheoir |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas
| |
Beatha
cuir in eagarRugadh Rosemary Dobson in Sydney mar an dara hiníon de A.A.G. (Arthur) Dobson, a rugadh i Sasana, agus Marjorie (née Caldwell). Ar thaobh a hathar ba é a seanathair Henry Austin Dobson, file agus aistí. D’fhreastail sí ar Frensham School, agus d’fhan sí ann mar phrintíseach múinteora ealaíne agus stair ealaíne.[4]
Nuair a bhí sí bliain is fiche d’aois, chuaigh sí ar Ollscoil Sydney mar mhac léinn gan chéim,[4] agus rinne sí staidéar ar dhearadh faoin ealaíontóir Astrálach Thea Proctor.[3] Bhí ina heagarthóir agus ina léitheoir ag an bhfoilsitheoir Angus and Robertson.[5]
Phós sí an foilsitheoir Alec Bolton (1926–1996), fear ar bhuail sí leis agus í ag obair ag Angus and Robertson in Sydney, agus bhí triúr clainne acu. Chuir sí aithne ar scríbhneoirí agus ar ealaíontóirí eile, leithéidí an fhile Douglas Stewart, a bhean chéile Margaret Coen arbh ealaíontóir í, an scríbhneoir agus ealaíontóir Norman Lindsay, agus na filí Kenneth Slessor agus James McAuley. Bhí siad ina gcónaí i Londain idir 1966 agus 1971, agus shiúil sí an Eoraip agus chuir feabhas ar an eolas a bhí aici ar an ealaín.[2]
In 1971 d’aistrigh sí féin agus Alec go Canberra, áit ar chuir Alec Rannóg na Foilsitheoireachta ar bun i Leabharlann Náisiúnta na hAstráile. Bhí siad mór leis na filí David Campbell, A. D. Hope, R. F. Brissenden agus leis an gcriticeoir Dorothy Green.[4]
Ceapadh an deirfiúr ba shine aici, Ruth Dobson, mar an gcéad taidhleoir proifisiúnta mná de chuid na hAstráile.[4]
Fuair Rosemary Dobson bás i dteach altranais in Canberra ar an 27 June 2012.[1]
Saothar
cuir in eagarThosaigh Dobson ag scríobh filíochta agus í seacht mbliana d’aois.[4] Foilsíodh an chnuasach aici, In a Convex Mirror, in 1944, agus lean trí chnuasach déag eile é. Tuganna saothar léargas ar an ngrá a bhí aici ar ealaín, ar mhiotaseolaíocht agus ar an tseandacht[6] agus ar a saol mar mháthair.
Mhaígh Douglas Stewart gur dhuine spioradálta í "in the deepest and most important sense".[7] Dúirt Dobson féin i réamhrá Selected Poems (1973):
"I hope it will be perceived that the poems presented here are part of a search for something only fugitively glimpsed, a state of grace which one once knew, or imagined, or from which one was turned away. Surely everyone who writes poetry would agree this is part of it - a doomed but urgent wish to express the inexpressible".[7]
Chuir sí trí dhíolaim in eagar agus aistriúcháin ar fhilíocht Rúiseach in dhá cheann acu, aistriúcháin a rinne sí in éineacht le David Campbell. Scríobh sí prós freisin.
Sliocht
cuir in eagarTall glass, round loaf and tumbled cloth |
Gloine ard, builín cruinn, éadach |
Duaiseanna
cuir in eagar- 1948: Duais Filíochta The Sydney Morning Herald as The Ship of Ice
- 1966 Duais Filíochta Astrálaí Myer II as Cock Crow[8]
- 1977 Ball Onórach Chomhghairm Ollscoil Náisiunta na hAstráile[8]
- 1979: Duais Christopher Brennan/Duais Robert Frost Award
- 1984: Duais Patrick White
- 1984: Duais Filíochta Grace Leven as an gCnuasach Filíochta is Fearr sa Bhliain seo, The Three Fates & Other Poems
- 1985: Comhbhuaiteoir Dhuais Liteartha Chéad Aire Victoria as The Three Fates
- 1986: Ball Saoil Onórach an Chumainn um Staidéar ar Litríocht na hASstráile
- 1987: Oifigeach Ord na hAstráile [9]
- 1996: Duais Emeritus Scríbhneoira Chomhairle na hAstráile
- 1996: Dochtúir Onórach Litreacha Ollscoil Sydney
- 2001: Duais Filíochta agus Duais Leabhar na Bliana as Untold Lives & Later Poems
- 2006: Duais Alice New South Wales
- 2006: Duais Speisialta de chuid Dhuaiseanna Liteartha Chéad Aire New South Wales
Leabhair
cuir in eagarFilíocht
- In a Convex Mirror (Dymocks, 1944)
- The Ship of Ice (Angus & Robertson, 1948)
- Child with a Cockatoo (Angus & Robertson, 1955)
- Selected Poems (Angus & Robertson, 1963)
- Cock Crow (Angus & Robertson, 1965)
- L'Enfant au Cacatoès trans. M. Diesendorf & L. Dautheuil (Pierre Seghers, 1965)
- Selected Poems (Angus & Robertson, 1973) ISBN 0-207-12809-X
- Greek Coins: A sequence of poems (Brindabella, 1977) ISBN 0-909422-05-2
- Over the Frontier (Angus & Robertson, 1978) ISBN 0-207-13636-X
- The Continuance of Poetry (Brindabella, 1981) ISBN 0-909422-09-5
- The Three Fates & Other Poems (Hale & Iremonger, 1984) ISBN 0-86806-133-6
- Seeing and Believing (NLA, 1990) ISBN 0-642-10500-6
- Collected Poems (Collins/Angus & Robertson, 1991) ISBN 0-207-16864-4
- Untold Lives & Later Poems (Brandl & Schlesinger, 2000) ISBN 1-876040-26-2
- Poems to Hold or Let Go (Ampersand Duck, 2008) ISBN 978-0-9775906-1-2
- Rosemary Dobson Collected (UQP, 2012) ISBN 978-0-7022-3911-3
Aistriúcháin
- Moscow Trefoil: Poems from the Russian of Anna Akhmatova and Osip Mandelstam with David Campbell and Natalie Staples (ANU, 1975) ISBN 0-7081-0141-0
- Seven Russian Poets: Imitations with David Campbell (UQP, 1980) ISBN 0-7022-1418-3
Neamhfhicsean
- Focus on Ray Crooke (UQP, 1971) ISBN 0-7022-0702-0
- A World of Difference: Australian poetry and painting in the 1940s (Wentworth Press, 1973) ISBN 0-85587-064-8
Tagairtí
cuir in eagar- Adelaide, Debra (1988) Australian Women Writers: A Bibliographic Guide, London, Pandora
- Anderson, D.J. (1996) Citation for Honorary Award to Rosemary Dobson AO
- Bolton, Rosemary Dobson (2005) "The rose-coloured dress", National Library of Australia News, XV (9): 7-9, June 2005
- Hooton, Joy (eag.) (2000a) Rosemary Dobson: A Celebration, National Library of Australia ISBN 0-642-10728-9
- Hooton, Joy (2000b) "Rosemary Dobson: A Life of Making Poetry" in Hooton, Joy (eag.) (2000) Rosemary Dobson: A celebration, National Library of Australia ISBN 0-642-10728-9
- NSW Premier's Literary Awards Judges Comments Curtha i gcartlann 2007-08-31 ar an Wayback Machine
- Smith, Graeme Kinross (1980) Australian Writers, West Melbourne, Nelson
- Tranter, John Ernest. "Interview: Rosemary Dobson in conversation with John Tranter, 8 December 2004." 5,800 focal, maisithe. Curtha i gcartlann 2020-01-28 ar an Wayback Machine
- Wilde, W., Hooton, J. & Andrews, B (1994) The Oxford Companion of Australian Literature. An dara heagrán, South Melbourne, Oxford University Press
Nótaí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "Rosemary Dobson, enduring voice of Australia, dies".
- ↑ 2.0 2.1 Anderson (1996)
- ↑ 3.0 3.1 Adelaide (1988) lch 52
- ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Hooton, Joy (2000) "Rosemary Dobson: A Life of Making Poetry" in Hooton, Joy (eag.) (2000) Rosemary Dobson: A celebration, National Library of Australia ISBN 0-642-10728-9
- ↑ Rosemary Dobson Contents Page Curtha i gcartlann 27 Meán Fómhair 2007 ar an Wayback Machine (Australian Literature Resources) Accessed: 13 February 2007
- ↑ Wilde, Hooton and Andrews (1994) lch 135
- ↑ 7.0 7.1 Smith (1980) lch 334
- ↑ 8.0 8.1 Hooton (2000a) lch 71
- ↑ It's an Honour Curtha i gcartlann 2016-03-03 ar an Wayback Machine - Officer of the Order of Australia