Rudraige mac Dela
I Miotaseolaíocht na nGael, ba dhara hArd-Rí na hÉireann é Rudraige, (Meán-Ghaeilge Rudhruidhe[1], Litriú Nua-Ghaeilge Ruadhraighe) mac Dela, sliocht de na Fir Bholg, i gcomharbacht ar a dheartháir, Sláine.
Cineál | duine carachtar i miotaseolaíocht na nGael |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Nuair a tháinig na Fir Bholg go hÉirinn mar lonnaitheoirí, roinn cúigear mic Dheala an tír eatarthu. Tháinig Ruadhraí i dtír ag Trácht[2] Rudraige[3] (Trá Ruadhraí, Dún Droma, Contae an Dúin) agus thóg sé cúige Uladh. Bhí seisean agus a dheartháir Geanann ina dtaoisigh de chuid muintir na bhFear Bolg aitheanta mar na Fir Domnann, dream stairiúil a bhí gaolta b'fhéidir leis na Dumnonii, a bhíodh ina gcónaí sa Bhreatain agus sa Ghaill.
Tar éis bhás Sláine, rinneadh Ard-Rí de Ruadhraí feadh dhá bhliain, go dtí go bhfuair seisean bás ag Brú na Bóinne. Tháinig a dheartháireacha Gann agus Geanann i gcomharbacht air.
Pearsana eile
cuir in eagarFaightear Rudraige mar ainm do bheirt phearsana eile i miotaseolaíocht na nGael. Bhí duine amháin dóibh ná mac Pharthaláin, duine eile Ard-Rí de shliocht Mhíl Easpáine sa 2a nó 3ú haois RC. Tá an triúr acu gaolta le cúige Uladh, agus is amhlaidh go bhfuil siad go léir fréamhaithe le sinsear-dhia na nUladh.
Foinsí
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Rughruidhe in FFÉ, cf. Foinsí
- ↑ 1 trácht ar eDIL
- ↑ Brickland, County Down Curtha i gcartlann 2020-11-28 ar an Wayback Machine ar placenamesni.org
Réamhtheachtaí Sláine |
Ard-Rí na hÉireann ACM 1933–1931 RC FFE 1513–1511 RC |
Comharba Gann agus Geanann |