Ruairí Ó Flaithearta (I)

rí Éireannach

Iar Chonnacht ba ea Ruairí Ó Flaithearta (Meán-Ghaeilge Ruaidhrí Ua Flaithbheartaigh) (bás 1061).

Infotaula de personaRuairí Ó Flaithearta
Beathaisnéis
Bás1061 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
PáisteAodh Ó Flaithearta (I) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMuireadhach ua Flaithbheartaigh

Beatha cuir in eagar

Sa bhliain 1051, bhí Maigh Sheola cloíte ag Aodh an Gha Bhearnaigh, rí Chonnacht ó 1046 go 1067, agus rinne sé a rí a dhalladh. Tháinig Ruaidhrí i gcoróin sa bhliain 1059. D'éirigh sé agus a mhuintir amach, agus tharla Cath Ghleann Phádraig dá bharr.

Deirtear i nAnnála na gCeithre Máistrí:[1]

Maidhm Glinne Pattraicc ria n-Aodh Ua Conchobhair for Iarthair Connacht, in ro mudhaighith ile im Ruaidhri Ua Flaithbheartaigh, tigherna Iarthair Connacht, & ro dicendadh é, & ruccadh a ceann co Cruachain Chonnacht iar sraoineadh for mac Aodha mic Ruaidhri
Maidhm Ghleann Phádraig ag Aodh Ó Conchúir ar Iarthar Chonnacht, inar maraíodh uile agus Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh, tiarna Iarthar Chonnacht, agus dícheannadh é, agus rugadh a cheann go Cruachain na gConnacht, tar éis d'Aodh mac Ruaidhrí do chliseadh.

An bhliain dár gcionn, deirtear sna hannála úd:[2]

Tadhg, mac Aodha Uí Concobhair, do marbhadh lá mac Aodha mic Ruaidhri, & la h-Iarthar Connacht

B'fhéidir é gur sinsear chlann Mhic Aodha é garmhac Ruairí, Muireadhach mac Aodha (bás 1124).

Foinsí cuir in eagar

  • Annála Uladh
  • Annála na gCeithre Máistrí
  • Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh, West or H-Iar Connaught 1684 (foilsithe 1846, eag. James Hardiman).
  • Anthony Matthews, Origin of the Surname O'Flaherty, Baile Átha Cliath, 1968, lch. 40.
  • Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, (2001), Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Dan McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.

Tagairtí cuir in eagar

  1. ACM 1061.13
  2. ACM 1062.5


Réamhtheachtaí
Cathal mac Tigernáin
rí Iar Chonnacht
1059–1061
Comharba
Aedh Ua Flaithbheartaigh