Muireadhach ua Flaithbheartaigh

rí Mhaigh Sheola

Mhaigh Sheola ba ea Muireadhach ua Flaithbheartaigh (bás 1034).

Infotaula de personaMuireadhach ua Flaithbheartaigh
Beathaisnéis
Bás1034
Teaghlach
PáisteRuairí Ó Flaithearta (I) Cuir in eagar ar Wikidata

Insítear i nAnnála Inis Faithlinn sin bhliain 1027:[1]

Forbais[2] do Muirethach h-Ú Flaithbertaich i n-Inis Crema for Loch Forbsen for Cathal mc. Ruadrí & roind a thíre fris.
Chuir Muireadhach Ó Flaithbheartaigh Cathal, mac Ruaidrí faoi léigear ar Inis Creama i Loch Coirib, agus roinn a thír ina ainneoin.

Insítear sa Chronicon Scotorum:[3]

Muiredhach h. Flaitbertaigh rí h. mBriuin Sheola per dolum occisus est.
Maraíodh go fealltach Muireadhach ó Flaitbheartaigh rí Uí Bhriúin Seola

Glaodh 'ua Flaitbheartaigh' ar Mhuireadhach agus d'éireodh an t-ainm (sean-)athartha seo ina shloinne, Ó Flaithbheartaigh. Sna ginealaigh, deirtear gurbh é Maelcairearda a athair. Fuair duine den ainm seo bás faoin mbliain 993, ach tugtar an teideal rí Uí Bhriúin, agus ní go follasach mar rí Uí Bhriúin Seola.[4]

Bhí triúr mac ag Muireadhach: Ruairí Loch Cimbe, Donnachadh Álainn agus Aodh. Bhí Ruairí agus Donnchadh beirt ina sinsir Uí Fhlaithbheartaigh Thoir agus Thiar i gConamara.

Foinsí cuir in eagar

  • Annála Uladh
  • Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh, West or H-Iar Connaught 1684 (foilsithe 1846, eag. James Hardiman).
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Anthony Matthews, Origin of the Surname O'Flaherty, Baile Átha Cliath, 1968, lch. 40.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Annála Inis Faithlinn, AIF 1027.9
  2. forbais, cuir faoi léigear, ar eDIL
  3. Chronicon Scotorum, CS 1034
  4. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 993.5: Maol Cairerda, tigherna Ua m-Briúin


Réamhtheachtaí
Brian mac Maolruanaidh
Ríthe Mhaigh Sheola
1003?–1034
Comharba
Murchadh ua an Chapaill Ua Flaithbheartaigh