Maelcairearda

rí in Éirinn sa 10ú haois

Uí Bhriúin Seola ba ea Maelcairearda (bás 993).

Infotaula de personaMaelcairearda
Beathaisnéis
Bás993

Is éiginnte í an chomharbacht idir Murchadh mac Flainn mhic Gleithneacháin agus Brian mac Maolruanaidh. Feictear Maelcairearda éigin sna hannála, dar teideal rí Uí Bhriúin, a fuair bás sa bhliain 993,[1] ach d'fhéadfadh é gur rí Uí Briúin ó cheart atá i gceist, nó géag eile ar fad. Dúradh go minic gur ríthe Uí Bhriúin uile iad luath-ríthe Uí Bhriúin Seola. Feictear Ruaidhrí mac Coscraigh i nAnnála Tiarnaigh agus Annála Inis Faithlinn sa bhliain 993 mar rí Uí Bhriúin agus deisceart Chonnacht, ag troid in éadan Chorca Mrua agus Uí Fhiachrach Aidhne.[2][3] Molann seo gur réamhtheachtaí Maelcairearda is ea Ruaidhrí.

Sna ginealaigh de chuid chlann Uí Fhlaithbheartaigh, deirtear gur athair Muireadhach ua Flaithbheartaigh (bás 1034) é Maelcairearda.

Tharla eachtra shuntasach do chrannóg le Muintir Mhurchadha i Loch Cime sa bhliain 990:[4]

An ghaeth do shlucadh insi Locha Cimbe co h-oband i n-aon-uair, cona dreich & sonnach .i. trichat traighedh.
An ghaoth do shlog insan Loch Cime go tobann in aon uair, lena dreach agus sonnach, .i. tríocha troigh.
  • Annála Uladh
  • Annála Tiarnaigh
  • Annála na gCeithre Máistrí
  • Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh, West or H-Iar Connaught 1684 (foilsithe 1846, eag. James Hardiman).
  • Anthony Matthews, Origin of the Surname O'Flaherty, Baile Átha Cliath, 1968, lch. 40.
  • Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, (2001), Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Dan McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.
  1. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 993.5: Maol Cairerda, tigherna Ua m-Briúin
  2. Annála Tiarnaigh, AT 993.4: rí Desceirt Connacht
  3. Annála Inis Faithlinn, AIF 993.5: rí h-Ua m-Briuin
  4. ACM 990.7


Réamhtheachtaí
Ruaidhrí mac Coscraigh
Ríthe Mhaigh Sheola
992?–993
Comharba
Brian mac Maolruanaidh