Uí Bhriúin

(Athsheolta ó Uí Bhriúin Seola)
Gan bheith measctha le hUí Bhriain de Dhál Chais

Rítheaghlach na gConnacht ba ea Uí Bhriúin nó Uí Bhriain (Sean-Ghaeilge Uí Briúin). Brian (Brión) ba ea a sinsear eapainmneach. Eochaid Mugmedon agus Mongfind ba ea a thuistí, Fiachra agus Ailill a dheartháireacha, agus Niall Naoighiallach a leasdeartháir níos óige. I dteannta le clanna Uí Fiachrach agus Uí Ailello, aithnítear na trí clanna mar na Connachta. Níos deireanaí, le cleasaíocht láimhe, cuireadh clann Uí Mhaine in ionad Uí Ailealla mar thríú clann na gConnacht.

Luath dhreamanna agus rochtain in Éirinn, c. 800

Bhíodh Uí Fiachrach i réim sna Connachta ó thús. D'éirigh Uí Bhriúin i gceannas ann ach sna 7ú agus 8ú haoiseanna.

ClannaCuir in Eagar

Bhí an-chuid clann ag Uí Bhriúin. Is iad na trí clanna is tábhachtaí ná a leanas:

Dhéantaí ríthe Chonnacht ach amháin de bhaill na gclann úd.

Clann BhriainCuir in Eagar

Dar le Tíreachán, thug Naomh Pádraig cuairt ar "áras mic Bhriain" ag Duma Selchae ar Mag nAí, ach ní deir sé cérbh iad. De réir ailt chomhionainn in Vita tripartita Sancti Patricii, a théann siar b'fhéidir go dtí an 9ú haois, bhí seisear mac ann. I bhfoinsí níos déanaí ámh, maítear go raibh ceathrar mac is fiche ag Brian. Is dócha gur cumadh ginealaigh Uí Bhriúin do threibheanba faoi mar a thángadar faoina smacht, amhail is Uí Bhriúin Uamhaill, Uí Bhriúin Ratha agus Uí Bhriúin Sionna.[1]

Bunús tíreolaíochCuir in Eagar

Cé go gcreideann Francis Byrne agus Seán Ó Donnabháin gurbh as Mag nAí an chlann ó dhúchas, luann Roderic O'Flaherty agus John Colgan na scéalta inste faoi Naoimh Pádraig[2] agus Felartus,[3] agus iad ag tabhairt cuairte ar mhic Briúin ar Mhaigh Seola. De bharr an mhearbhaill a bhaineann le suíomh an 'Mag Selce' luaite sa Vita tripartita Sancti Patricii, mholl Nicholls gur bogadh ar chúiseanna polaitiúla áit dúchais Uí Bhriúin chuig gar de Ráth Cruachan faoi am Thíreacháin.[4] Tugann MacCotter le fios nach mbeadh ar fáil ag muintir Uí Bhriúin ar Mag nAí agus iad ag teacht chun cinn ach cúpla paróiste sibhialta.[5]

Sa scéal Aided Chrimthaind maic Fhidaig ocus Trí mac Echach Muigmedóin, agus seanscéal an chogaidh idir Brión agus Fiachra á insint, deirtear go raibh Fiachra bunaithe i nAidhne agus Brión ag Damh-Chluain, i nUíbh Bhriúin Seola taobh thiar de Thuaim.[6] Cé gur seanscéal é, b'fhéidir gur nod é gur thír dhúchais Uí Bhriúin é seo. I dteannta seo, mhol Hubert Knox gurbh as barúntacht Bhaile Chláir i gContae na Gaillimhe í muintir Uí Briúin, ina príomhchlann na gConmaicne lonnaithe ann.[7] Is díol spéise é go dtugtar an teidil rí Chonmaicne ar Ceallach mac Raghallaigh i Leabhar Bhaile an Mhóta.[8]

Is comhsheasmhach é an smaoineamh gur thángthas as Maigh Seola leis an eolas go raibh cónaí ar luath Uí Bhriúin (m.s. Ceann Faoladh mac Colgan agus Ceallach mac Raghallaigh) ar Loch Cime, chomh maith le deontas Eanach Dhúin ag Aodh mac Eachach sa 6ú haois.[9] Mheas Byrne nár dhócha é seo de bharr an achair idir Eanach Dhúin agus Mag nAí.[10] I dteannta sin, deirtear sna hannála gur maraíodh Ceann Faoladh ag fir Chonmaicne Cuile,[11] agus sna ríliosta i Sioncronachtaí Laud "a dhaoine féin a mharú".[12] Dá mba fhíor iad, thabharfaidís tacú leis an teoiric gur Chonmaicne iad Uí Bhriúin.

Agus Máenach mac Báethíne[13] san áireamh, feictear sinsir na trí mór ghéaga den teaghlach ina gcónaí nó ag troid i gceantar Mhaigh Seola sa 7ú haois. Glaoitear "Magh Ua mBriuin" ar an gceantar úd taobh thoir de Loch Coirib chomh déanach ar a laghad is 1149.[14] Is dócha gurb ionann seo agus críocha "rí Uí Bhriúin", teideal a tugadh de ghnáth ar ríthe Uí Bhriúin Seola.[15] Mar a thugann Knox le fios, rinneadh idirdhealú i Leabhar na gCeart eatarthu agus Síol Muireadhaigh as lár Ros Comáin. Molann iad siúd uile gurbh ionann Uí Bhriúin Seola agus Uí Bhriúin féin ó dhúchas.[16]

Féach freisinCuir in Eagar

Tagairtí AnnálCuir in Eagar

  • ACM 801.8: Connmhach, bretheamh Ua m-Briúin, d'eg.

FoinsíCuir in Eagar

  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
  • A 9th century Uí Briúin settlement in County Cavan

TagairtíCuir in Eagar

  1. Anne Connon, "Uí Briúin", in "Medieval Ireland: An Encyclopedia", lch. 485
  2. Roderic O'Flaherty, Ogygia, iml. II, cuid III, lch. 293.
  3. John Colgan, Acta Sanctorum Hiberniae, lch. 788.
  4. K. W. Nicholls, "Some Patrician Sites of Eastern Connacht", Dinnseanchas 5:4 (1973), lch. 118.
  5. Paul MacCotter, Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions, lch. 209.
  6. Seán Ó Donnabháin, The Genealogies, Tribes and Customs of Hy-Fiachrach, Addendum A, lch. 344.
  7. Hubert Thomas Knox, The History of the County of Mayo to the Close of the Sixteenth Century, ll. 19-20.
  8. Leabhar Bhaile an Mhóta, ARÉ MS 23 P 12, f. 37r.
  9. Annála Inis Faithlinn, AIF 578.2.
  10. Byrne, Francis J., Irish Kings and High-Kings, lch. 245.
  11. Annála Tiarnaigh, AT 682.1
  12. A dáine fén romarb, Sioncronachtaí Laud, lch. 116r
  13. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 649.3.
  14. ACM 1149.13.
  15. Anne Connon, "Uí Briúin" in Medieval Ireland: An Encyclopedia, lch. 486.
  16. Hubert Thomas Knox, The History of the County of Mayo to the Close of the Sixteenth Century, lch. 20.


Teimpléad:Connachta